Ceannlínte Nuachta

Déardaoin 13 Nollaig 2012 18.18
Ceannlínte Nuachta
Ceannlínte Nuachta

Tá scrúdú iarbháis á dhéanamh ar chorp iar-bhleachtaire de chuid na nGardaí, a lámhachadh ag a theach cónaithe i gCoill an Chollaigh i gCo. an Chabháin inné. Thángthas ar John Kerins, 49 bliain d'aois agus é caite sa chloigeann agus sa chliabhrach.

Tá sochraid Aoife Phelan ar siúl i gCo. Laoise. Thángthas ar a corp nuair a cuardaíodh píosa talún i bPort Laoise níos luaithe sa tseachtain, coicís i ndiaidh di dul ar iarraidh.