Rialaigh an Chúirt Uachtarach inniu nach raibh feachtas eolais an Rialtais maidir le Reifreann na Leanaí cóir, neamhchlaonta ná cothrom. Mhaígh Mark McCrystal, as Bleá Cliath a thóg an cás, go raibh úsáid mhíchuí á baint ag an Rialtas as breis is milliún euro d'airgead poiblí le vóta i bhfabhar an leasaithe ar an mBunreacht a chur chun cinn.

Tá fear ceithre mbliana fichead fós á cheistiú ages na Gardaí atá ag fiosrú dúnmharú Aoife Phelan, 30 bliain d'aois as Contae Laoise. Gabhadh an fear a bhí gafa ages na Gardaí roimhis seo , arís tráthnóna inné tar éis do Ghardaí teacht ar chorp na mná ag cul tí i bPortLaoise.

Tá céad duine lena bpostanna a chailliúint ag an gcomhlacht Teileachumarsáide Ericsson i mBaile Átha Luain, i gContae na hIarmhí.

Tá Uachtarán Mheiriceá, Barack Obama, a bhean chéile agus a chlann thar n-ais sa Teach Bán i Washington inniu tar éis do a tharna téarma a bhaint amach in oifig inné. Beifear ag díriú anois ar teacht ar shocrú faoi bhuiséad na tíre le Tigh na Comhdhála.