CEANNLÍNTE NUACHTA

Déardaoin 13 Nollaig 2012 18.18
CEANNLÍNTE NUACHTA

Táthar ag súil go bhfógrófar cinneadh maidir le suíomh an Ospidéil Nua Leanaí taobh tráthnóna inniu. Ceaptar ag an dtráth so gur suíomh ag Ospidéal San Séamas a roghnófar.

Tá na milliún Meiriceánach i mbun vótála i dtoghchán na hUachtaránachta inniu agus cinneadh le deánamh acu cé a chaithfidh an chéad ceithre mbliana eile sa Tigh Bán. Léiríonn na pobalbhreitheanna is déanaí go bhfuil an tUachtarán Barrack Obama agus Mitt Romney nach mór gob ar ghob ach, tá an tUachtarán chun cinn ar éigean i roinnt mhaith do na Stáit Chinniúnacha.