CEANNLÍNTE NUACHTA

Déardaoin 13 Nollaig 2012 15.58
CEANNLÍNTE NUACHTA

Tá tacaíocht an Rialtais agus na nGardaí geallta ag an dTaoiseach Enda Kenny maidir leis an bhfiosrúchán faoi dhúnmharú an oifigigh phríosúin David Black i dTuaisceart Éireann inné. Lámhachadh an fear 52 bliain d'aois ar mhótarbhealach an M1 le linn do bheith ag tiomáint chun na hoibre.

Tá Fiosrúchán ar bun ag Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána maidir le bás fir a lámhachadh i nDroichead Átha luath maidin inniu. Fritheadh an fear a raibh na Gardaí sa tóir air marbh i ngluaisteán cóngarach don dTrá Thuaidh. Creidtear gur chuir sé lámh ina bhás fhéin.