Ceannlínte Nuachta

Déardaoin 13 Nollaig 2012 15.57
Ceannlínte Nuachta
Ceannlínte Nuachta

Tá bean, ar chuir a fear céile lámh ina bhás féin i ndiaidh dó a bheirt iníonacha a mharbh, ag iarraidh go n-athrófaí an dóigh a dtugtar cúram d'othair mheabhairshláinte. Tá Una Butler ó Bhaile an Choitín i gCo. Chorcaí ag iarraidh go mbeadh sé éigeantach measúnú a dhéanamh ar an bhaol atá ann do theaghlaigh agus do pháistí othair mheabhairshláinte.

Tá obair mhór ghlantacháin ar siúl ar chósta thoir Mheiriceá i ndiaidh don stoirm 'Sandy' na billiúin dollar de dhamáiste a dhéanamh. Maraíodh breis is 40 duine le linn na stoirme agus tá 8 milliún teach agus gnólacht gan aon leictreachas.