Tá sé séanta ag an Aire Dlí agus Cirt Alan Shatter, gur iarr an Taoiseach Enda Kenny air a ladar a chur i gcás dlí teaghlaigh, mar a tuairiscíodh i nuachtán an Sunday Independent. Chuir an tAire i leith an nuachtáin gur fhoilsigh siad scéal chailleach an uafáis, d'aon ghnó, chun dochar a dhéanamh de chlú an Taoisigh.

Creidtear go bhféadfaidh Spéirling Sandy damáiste a dhéanamh i 12 stát ar chósta thoir Mheiriceá nuair a bhuailfidh sí talamh. I Nua Eabhrach iarradh ar 375,000 a gcuid tithe a fhágáil agus cuireadh na céadta eitilt ar ceal.