Ombudsman na Leanaí, Niall Muldoon

Ardú 30% ar an líon gearán a rinneadh le hOmbudsman na Leanaí

12.57 Tá ardú 30% tagtha le cúig bliana ar an líon gearán a rinneadh le hOmbudsman na Leanaí. I dtuarascáil bhliantúil an Ombudsman a seoladh i mBaile Átha Cliath inniu, deirtear gur éirigh leis an oifig 850 cás a réiteach anuraidh.

Tá diúltaithe ag baill Chumann na nGardaí Síochána do mholtaí faoi phá agus bagairt stailce mar rún acu sa Tulach Mhór

Rún stailce á phlé ag toscairí an GRA

14.29 Ag cruinniú a tionóladh sa Tulach Mhór inniu, dhiúltaigh ceannairí an GRA do mholtaí faoi ardú pá a socraíodh leis an Roinn Dlí seachtain ó shin. Tá rún á phlé ag na 200 toscairí faoin scéal agus d'fhéadfadh gníomhaíocht thionsclaíoch bheith mar thoradh.

Fear gafa ag Gardaí ar chúis suim €2.8m a sciúradh

Fear, 28 gafa ar chúis sciúradh airgid

18.01 Tá fear ocht mbliana fichead d'aois gafa ag oifigigh ó Bhiúró Coireanna Eacnamúla na nGardaí. Gabhadh i dtigh i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é ar chúis suim airgid de luach €2.8m a sciúradh.

An Taoiseach Enda Kenny ag míniú seasamh an rialtais ar cheisteanna cáin ioncaim sa Dáil inniu

Ráta cánach d'imircigh ag filleadh 'míchothrom' - Taoiseach

15.02 Le linn Ceisteanna na gCeannairí sa Dáil inniu, dúirt Micheál Martin, Ceannaire Fhianna Fáil go raibh moltaí faoi ráta cánach 30% d'imircigh a bheadh ag filleadh abhaile áiféiseach. Lean sé le rá go gcothódh na moltaí leithcheal i measc oibrithe.

Glacadh le rún ag Cruinniú Thoscairí CLG na Gaillimhe aréir go bhfreastlódh réiteoirí ar ranganna Gaeilge

CLG na Gaillimhe ag moladh ranganna Gaeilge do réiteoirí

10.11 Glacadh le moladh ag cruinniú de thoscairí Chumann Luthchleas Gael na Gaillimhe an tseachtain seo, go gcaithfeadh réiteoirí freastal ar ranganna Gaeilge. Caithfear an moladh sin a chur faoi bhráid Choiste Bainístíochta agus Choiste Réiteoirí an Bhoird

Fóram ar dháileadh seirbhísí meabharshláinte molta ag Comhairleoir Contae Dhún na nGall

Ceardlann le tabhairt faoi sheirbhísí meabharshláinte

10.26 Tá Comhairle Contae Dhún na nGall le ceardlann a reáchtáil ina mbeidh oifigigh na comhairle agus comhairleoirí contae páirteach le plé a dhéanamh ar an dóigh is fearr le seirbhísí meabharshláinte i nDún na nGall a chur chun cinn.

Tuilleadh scéalta