Na Gardaí ag lorg eolais faoin slí a caitheadh agus a maraíodh cailín sé bliana déag i dTamhlacht aréir. Caitheadh an cailín sa gcloigeann le linn di a bheith ina suí i gcarr a bhí páirceáilte. Tá an eachtra cáinte ag an Aire Dlí 's Cirt.
Laghdófar an táille scrúdaithe do dhabhcha séarachais go 5 eruo ar feadh trí mhí a deir an rialtas.
Os cionn 160 marbh in Oirthear na hEorpa de bharr na droch aimsire le seachtain.
Tá sé ráite ag an mBanc Ceannais go mairfidh an lagtrá eacnamaíochta sa tír i gcaitheamh na bliana seo. Ina dtuarascáil is déanaí, dúirt an banc nach dtiocfaidh an oiread fáis faoin eacnamaíocht agus a bhí tuartha acu mar gheall go bhfuil laghdú ag teacht ar an méid earraí atá á n-easportáil.
Níl aon rogha ag Éirinn ach an €1.25 billiún de bhannaí Anglo a íoc, a deir an Tánaiste agus an tAire Airgeadais. Níos luaithe dúirt an Taoiseach nach bhfuil an Rialtas ag lorg díscríobh ar aon fhiacha atá le n-íoc ar ais leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus leis an Aontas Eorpach.
Plé faoi ghéarchéim airgeadais na Gréige faoi chaibidil sa mBruiséil, agus pléifear fiachas na tíre seo ag an mBanc Ceannais Eorpach níos déanaí. Casfaidh an tAire Airgeadais Michael Noonan le hUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh Mario Draghi i Frankfurt.
Fear sna fichidí básaithe tar éis timpiste bóthair taobh amuigh do bhaile Ros Comáin.