Beirt fhear cúisithe maidir le dúnorgain John Kenny in Uachtar Ard mí Meán Fómhair seo caite.
Daoine ar fud na hÉigipte ag léirsiú faoin ár a tharla i gCathair Port Said arú aréir, nuair a maraíodh 74 duine. Tá sráideanna sa bpríomhchathair Cairo dúnta agus tá na húdaráis ag fáil faoi réir do níos mó corraíl. Maraíodh beirt léirsitheoir agus gortaíodh na céadta eile le linn caismirtí inné.
Dlíodóir as Bleá Cliath sa gcúirt ar chúiseanna gadaíochta agus caimiléireachta luach os cionn leathchéad milliún euro.
Rúnaí Fuinnimh na Breataine tar éis éirí as a phost mar gheall ar líomhaintí a bhain le tiomáint ró-thapaidh.


















