Fiosrúchán ar siúl ag na Gardaí i mBaile Átha Cliath tar éis gur caitheadh agus maraíodh fear 36 bliain d'aois i bhFionnghlas
Trí lá dobhróin fógraithe san Éigipt i gcuimhne na ndaoine a maraíodh théis cluiche peile i gcathair Port Said aréir.
Deireadh le cur le seirbhís farantóireachta Corcaigh go Swansea, caillfear 78 post.
Léiríonn figiúirí ón státchiste, gur tháinig ardú 17% ar an méid cánach a bailíodh i mí Eanair i gcomparáid leis an mhí chéanna an bhliain seo caite.
Tá sé fógraithe ag an gcomhlacht árachais sláinte VHI go dtiocfaidh ardú idir 6 agus 12.5% ar a gcuid polasaithe ón gcéad lá don mhí seo chugainn.


















