Cuireadh tús le triail Barry Doyle an fear sé bliana is fiche as Rae Portland i mBleá Cliath atá cúisithe i ndúnmharú an imreora rugbaí Shane Geoghegan i Luimneach breis is trí bliana ó shin.
Maraíodh fear naoi mbliana déag d'aois i dtimpiste bóthair i nDún na nGall luath ar maidin. Ar bhóthar an Staisiúin i dTamhnach an tSalainn thart ar a dó ar maidin a tharla an timpiste nuair a bhuail an carr droichead.
Deir na Gardaí atá ag fiosrú dúnmharú bhean as Poblacht na Maláive go gcreideann siad gur i ngar don áit ar fritheadh a corp a maraíodh í. I mála taistil i mBleá Cliath a frítheadh corp na mná maidin inné. Léirigh scrúdú iar-bháis gurb amhlaigh a tachtadh nó a plúchadh í.
Leanadh leis an gcuardach arís inniu ar iascaire a chuaigh amach de thraelaer naoi míle dhéag soir ó Cheann Chlochair amach ó Chósta Lú inné. Creidtear gur fear sna tríochadaí as an Ucráin atá ar iarraidh.


















