Ghlac suas le 350 duine - 200 duine deonach ina measc, páirt sa gcuardach i mBréantrá in i gCorcaigh inniú. Sé seo an ceathrú lá déag den chuardach. Tá beirt iascaire a bhí ar an dtráléar an Tit Bonhomme. Fós ar iarraidh.
Cúisíodh fear, 48 bliain d'aois i gcúirt dúiche Bhré inniu i ndunmharú fir go bhfuarthas a thaisí daonna, i Sléibhte Chill Mhantáin, dhá bhliain ó shin. Gabhadh Clement Byrne, as an nGrianán, Ráth Droma, i gCo. Chill Mhantáin, ag aerfort Bhaile Átha Cliath aréir. Cúisíodh é i ndúnmharú Steven O Meara as baile Chill Mhantáin agus a bhí 26 bliain d'aois. Fritheadh corp Steven O Meara in uaigh éadomhain, in aice leis an gCrois Dhearg, oíche Nollag 2009.


















