Aircív Nuachta
<< >>
Lu Ao Sa Do


Cinnlínte Nuachta

comhlacht díolta gluaisteán le dúnadh san iarthar agus caillfidh 190 duine a bpostanna.

Dúradh le foireann Tom Hogan, a bhfuil ionaid acu i gcathair na Gaillimhe, in Inis, sa tSionainn agus i gCluain Meala, ar maidin go raibh an comhlacht á chur i lámha leachtaitheora.



breis agus dhá scór post le cruthú i gcomhlacht Boston Scientific sa Ghaillimh. Déanann an comhlacht earraí leighis.

Tá breis agus nócha milliún euro le hineistiú sa chomhlacht agus dúirt urlabhraí thar ceann an chomhlachta go gcuirfí na postanna ar fáil gan mhoill.



an OECD ag tuar go laghdóidh eacnamaíocht na tíre seo a 10% i mbliana agus go mbeidh laghdú 1.5% de laghdú i gceist an bhliain dár gcionn.

Advertisement

Dúirt an OECD go mbeadh géarghá le ciorruithe ar chaiteachas agus méadú ar chánacha chun dul i ngleic leis an ngéarchéim eacnamaíochta.



ceantair éagsúla i nGaoth Dobhair gan seirbhís uisce de bharr na dtuilte a bhuail an t-iar-thuaisceart tráthnóna inné. Níl an tseirbhís Vodafone ag feidhmiú acu an oiread.

Tá iarrtha ar an rialtas cabhair éigeandála a chur ar fáil don gceantar áit ar sceith aibhneacha áitiúla thar a mbruacha de bharr na báistí. B'éigean do na seirbhísí éigeandála agus an Garda Cósta daoine a tharrtháil as a dtithe.

TV BEO

Now:
Doctors
03:35 Saturday 21 November
Next:

Cláracha TV

Cláracha Raidió

Ábhair Suime

An Féidir Linn?

Sraith tuairiscí speisialta inar labhair Rónán Mac an Iomaire Nuacht TG4 le daoine as earnálacha éagsúla faoin lagtrá eacnamaíochta, agus faoin méid is féidir a dhéanamh faoi

Read

Sláinte mhaith i gCúba

Breathnaigh ar chlár Eimear Ní Chonghaile ar fheabhas an chórais sláinte sa tír bhocht chumannach ó dheas ó SAM

Play

Turas chun na hÁise

Féach tuairisc Joe Mhig Raollaigh ar chuairt Mháire Mhic Ghiolla íosa ar oirdheisceart na hÁise

Play

An Nuacht is déanaí

Na scéalta is déanaí náisiúnta is idirnáisiúnta, sa tuairisceán is déanaí teilifíse

Read