Cinnlínte Nuachta

Updated: 14:40, Tuesday, 15 July 2008

D'iarr bean, ar tugadh an toradh mícheart ar thástáil ailse brollaigh di, go rialófaí ospidéil phríobháideacha.

1 of 1

D'iarr bean, ar tugadh an toradh mícheart ar thástáil ailse brollaigh di, go rialófaí ospidéil phríobháideacha.

Cé gur cuireadh tástáil ar an mbean trí huaire in Opsidéal Bharrington i Luimneach idir 2005 agus 2007, dúradh léi nach raibh ailse uirthi.

Fuarthas amach ina dhiaidh sin, áfach, go raibh ailse brollaigh uirthi. Foilsíodh tuarascáil inniu maidir leis an gcóras tástála in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh ach níltear in ann an córas in Ospidéal Bharrington a fhiosrú mar gur ospidéal príobháideach é.

Thit luach na scaireanna arís inniu ar mhargaí na hEorpa. Chaill an ISEQ i mBaile Átha Cliath suas le 5% ar an meán.

Is í an imní faoi chóras airgeadais na Stát Aontaithe maraon le hardú luach an euro in aghaidh an dollair is cúis leis an ngéarchéim.

Dúirt an t-eacnamaí aitheanta, Jim Power, go dtógfadh sé ocht mí dhéag eile ar a laghad sula dtiocfaidh an eacnamaíocht sa tír seo chuici féin arís.

Dúirt an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Timpeallachta go bhfuil siad ag cuidiú le Comhairle Contae Phort Láirge maidir leis an bhfiosrúchán faoin dóiteán sa Lios Mór arú aréir.

Tharla an dóiteán ag monarcha athchúrsála dhíomhaoin leis an gcomhlacht Samshire.

Dúirt an Ghníomhaireacht go ndearnadh gearán leo maidir le sábhailteacht na láithreach breis is dhá bhliain ó shin.

D'iarr ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Éamon Gilmore, ar an Rialtas neamhaird a thabhairt ar éileamh go laghdófaí an t-íosphá náisiúnta.

Teastaíonn ó Chónaidhm na gComhlachtaí Beaga go sócrófaí an t-íosphá ag 7 euro 65 ceint, sin euro níos lú ná mar atá faoi láthair.

Is ar mhaithe le hiomaíocht na ngnólachtaí beaga a chothú sa lagtrá eacnamaíoch a dhéanfaí seo, dar leis an gCónaidhm.

Live Player

  • Next
  • 13:00 - 13:45

    RTÉ Radio - News at One (Studio Webcam)

  • 13:05 - 13:15

    RTÉ News and Weather

  • Later
  • 17:45 - 18:00

    Nuacht RTÉ

  • 18:01 - 18:35

    RTÉ News: Six One and Weather

News Quiz