Tá sé fógartha ag an Taoiseach, Bertie Ahern, go n-éireoidh sé as mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhianna Fáil ar an séú lá de mhí na Bealtaine.
D'fhógair an Taoiseach an méid seo ag preas-ócáid i dTithe an Rialtais ar maidin. Dúirt an Taoiseach gur chúis imní dó go raibh a raibh ag tarlú ag Binse Fiosraithe Mahon, maidir le ceisteanna a cuireadh air faoina chúrsaí airgid, ag cur isteach ar obair an rialtais.
Dúirt sé gur ar mhaithe le leas an phobail Éireannaigh a shocraigh sé éirí as.
Dúirt an tUasal Ahern nár ghlac sé riamh le haon íocaíocht éillitheach agus nár chuir sé a leas féin chun tosaigh ariamh ar leas an phobail.
Dúirt sé gur pribhléid dó labhairt le Tithe na Comhdhála i Washington ag deireadh na míosa seo agus go mbeadh sé seo ar cheann de na nithe ba bhródúla dó ina shaol polaitiúil.
Mhol an Tánaiste agus Aire Airgeadais, Brian Cowen, a raibh déanta ag an Taoiseach ar mhaithe le saol na hÉireann.
Mhol sé dúthracht an Taoisigh agus eacnamaíocht na tíre seo a chur ar bhonn an-sláintiúil agus mhol sé a dhúthracht maidir le próiseas síochána an tuaiscirt.
Mhol an tAire Sláinte, Mary Harney, a raibh curtha i gcrích ag an Taoiseach le haon bhliain déag anuas agus dúirt gur úsáid sé na sár-scileanna polaitiúla a bhí aige ar mhaithe le leas na tíre.
Dúirt Mary Harney go raibh an caidreamh a bhí aici leis an Taoiseach bunaithe ar chairdeas, ar mheas pearsanta agus ar dhílseacht.
Dúirt ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, go raibh éirí as an Taoisigh dosheachanta agus gur cheart do cheannaire nua ar an bpáirtí olltoghchán a ghairm.
