Look and Listen About Broadcasting About RTE Archives Sales and Services Our Products

Cad a Dhéanaimid
Leabharlanna agus Cartlanna Raidió RTÉ

Archives Archives Archives

Déanann Leabharlanna agus Cartlanna Raidió RTÉ cláir reatha raidió a cheapadh, a chatalógú agus a stóráil i bhfoirm dhigiteach. Tá áis lántiomnaithe athchóirithe agus caomhnaithe á forbairt ag Leabharlanna agus Cartlanna Raidió RTÉ chun maoirseacht a dhéanamh ar thaifid fuaime a shlánaistriú ó fhormáidí oidhreachta.

I measc na bhformáidí seo tá dioscaí aicéatáite agus vinle, chomh maith le téipeanna analóige agus digiteacha de chineálacha éagsúla. Ó 2000 i leith tá an t-ábhar seo á roghnú, á dhigitiú, á athchóiriú á chatalógú agus á chur i gcartlann ar dhlúthdhioscaí agus ar Théip Dhigiteach Líneach araon.

Tá a théipeanna analóige uile ó 1972 go 1998 digitithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá a aschur reatha á chur ar chartlann dlúthdhioscaí faoi láthair. Tá dul chun cinn á dhéanamh chun cóipeanna éisteachta den chartlann chraolta uile a chur ar fáil i gcomhar le hinstitiúidí taighde Éireannacha. Bronnadh bailiúchán fairsing ar an Ulster Folk & Transport Museum i mí Feabhra 2005.

Cloiseann éisteoirí Raidió RTÉ ábhar as na cartlanna i réimse leathan clár. Baineann an clár "Bowman Saturday 8.30", atá ar siúl le blianta fada, agus cláir níos nua ar nós "What If" agus "On This Day" úsáid as ábhar na gcartlanna.

Is féidir réimse d'ábhar foilsithe as Leabharlanna agus Cartlanna RTÉ a cheannach ó Ár dTáirgí, ina measc "Return from Fingal" le Séamus Ennis, an léamh clúiteach drámatúil raidió ar úrscéal James Joyce "Ulysses", agus "Blasket Island Reflections", comóradh 50 bliain ar thréigean na n-oileán.

RTE  Shop Archive Products

See RTÉ CDs, DVDs, books, etc., including releases from RTÉ Libraries and Archives. RTÉ Shop...