Look and Listen About Broadcasting About RTE Archives Sales and Services Our Products
About this Site

Ráiteas Príobháideachais Leabharlann agus Chartlann RTÉ

Is tábhachtach linn do chuid príobháideachais – má chomhlánaíonn tú ár bhfoirm iarratais díolacháin chun ábhar cartlainne a iarraidh, úsáidfear do chuid mionsonraí chun an t-iarratas reatha a phróiseáil, iarratais bhreise uait a phróiseáil agus, má thugann tú do chead go sonrach chuige sin trí thic a chur sa bhosca, chun críocha margaíochta Leabharlann agus Chartlann RTÉ, agus chun na gcríoch sin amháin.

Polasaí Príobháideachais RTÉ.ie

1. Is é is aidhm don ráiteas príobháideachais seo ná míniú a thabhairt ar conas a bhailíonn agus a úsáideann RTÉ.ie an fhaisnéis phearsanta a thiomsaíonn sé fút trí úsáid an tsuímh idirlín seo. Cinnteoidh RTÉ.ie go gcoinneoidh sé gach faisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú de réir a oibleagáidí faoi reachtaíocht reatha na hÉireann maidir le Sonraí a Chosaint.

2. Féadfar iarraidh ort faisnéis phearsanta a sholáthar más mian leat páirt a ghlacadh i gcomórtais nó más mian leat do sheoladh a thabhairt do cheann de sheirbhísí rabhaidh ríomhphoist RTÉ.ie. Ní nochtaítear an fhaisnéis seo d'aon tríú páirtí gan toiliú a fháil uait roimh ré.

3. Baineann RTÉ.ie úsáid as cuachóga. Is éard atá iontu seo ná comhaid bheaga téacs a chuireann do ríomhaire in aithne dár bhfreastalaí. Cabhraíonn siad linn faisnéis a thiomsú faoina mhinice is a thugtar cuairt ar ár suímh agus faoin líon daoine a thugann cuairt orthu. Ní úsáideoir indibhidiúil a aithníonn na cuachóga sin, ach díreach an ríomhaire atá á úsáid aige/aici. Bíonn an fhaisnéis seo á húsáid againne ansin chun monatóireacht a dhéanamh ar rochtain ar ár suíomh agus chun an tseirbhís a sholáthraímid dár gcustaiméirí a fhorbairt agus a fheabhsú dár réir.

4. Tá naisc le suímh le tríú páirtithe ar shuíomh RTÉ.ie. Ní bhaineann an ráiteas príobháideachais seo leis na suímh sin agus níl RTÉ.ie freagrach as cleachtas príobháideachais ná as ábhar ar shuímh na dtríú páirtithe sin.

5. Má tá tú 18 mbliana d'aois nó faoina bhun sin, iarr cead tuismitheora nó caomhnóra leat do chuid faisnéise teagmhála a sholáthar dúinn.

6. Má bhíonn ceist ar bith ort maidir leis an ráiteas príobháideachais seo, téigh i dteagmháil lenár ndeasc cabhrach le do thoil ag info@RTÉ.ie.

RTE  Shop Archive Products

See RTÉ CDs, DVDs, books, etc., including releases from RTÉ Libraries and Archives. RTÉ Shop...