Look and Listen About Broadcasting About RTE Archives Sales and Services Our Products
About this Site

Faoi Shuíomh Idirlín Leabharlann agus Chartlann RTÉ

Mar chuid de ghealltanas RTÉ maidir le Craoltóireacht Seirbhíse Poiblí na hÉireann, soláthraíonn an suíomh seo bealach chun teacht ar rogha saibhir ilghnéitheach den ábhar closamhairc a chaomhnaíonn Leabharlanna agus Cartlanna RTÉ. Tá breis is 400 mír de mhíreanna cartlainne craolacháin inár rannóga 'Féach & Éist' agus 'Stair RTÉ' le fáil ar an suíomh seo. Is féidir féachaint ar na míreanna nó éisteacht leo i bhformáid RealMedia.

Tá sé d'aidhm ag RTÉ ábhar breise a sholáthar ar an suíomh sna míonna agus sna blianta atá romhainn a sholáthróidh bealach ardchaighdeáin don phobal le teacht ar bhailiúchán ar leith de dhéantáin chraolacháin, le linn fáil níos fairsinge a bheith ar sheirbhísí leathanbhanda.

Agus cumas an tsuímh seo mar acmhainn oideachais á aithint, tá sé d'aidhm ag RTÉ ábhar a sholáthar a d'fhéadfaí a úsáid sa phróiseas foghlama agus múinteoireachta gach leibhéal oideachas in Éirinn. Féach 'Stair RTÉ' i gcomhair rogha amanna cinniúnacha i gCraoltóireacht Seirbhíse Poiblí na hÉireann ó bunaíodh 2RN in 1926.

Chomh maith leis sin, soláthraíonn an suíomh seo deis don lucht éisteachta agus féachana cóipeanna de go leor míreanna cartlainne a iarraidh le ceannach lena n-úsáid go príobháideach. Féadfaidh úsáideoirí gairmiúla cóipeanna d'ábhar cartlainne a iarraidh nó a ordú freisin lena n-ath-úsáid ar bhonn tráchtála faoi réir ag téarmaí agus coinníollacha agus ag dlí an chóipchirt.

Féach ár rannóg 'Díolacháin & Seirbhísí' le haghaidh tuilleadh faisnéise.

Soláthraítear mionsonraí sa rannóg 'Ceannaigh Ár dTáirgí' ar na táirgí ó Leabharlanna agus Chartlanna RTÉ atá ar fáil le ceannach faoi láthair ar líne ag Siopa RTÉ .

Cuireann Leabharlanna agus Cartlanna RTÉ fáilte roimh thuairimí i dtaobh an tsuímh trínár seoladh ríomhphoist archiveswebsite@rte.ie.

 

Closchomhaid agus Físchomhaidar Shuíomh Idirlín
Leabharlann agus Chartlann RTÉ

Tabhair faoi deara le do thoil, mar gheall ar shrianta cóipchirt agus dlí, nach mbíonn cláir ar fáil ach mar Shruth agus ní le hÍoschóipeáil.

Bíonn comhaid ó RTÉ ar fáil i bhformáid RealMedia mar shruth RealMedia.

Cliceáil ar an nasc cuí chun an sruth a chloisteáil thar an nGréasán. Beidh ort RealPlayer (www.real.com) a íoslódáil chun na comhaid sin a chloisteáil.

 

RTE  Shop Archive Products

See RTÉ CDs, DVDs, books, etc., including releases from RTÉ Libraries and Archives. RTÉ Shop...