Look and Listen About Broadcasting About RTE Archives Sales and Services Our Products

Cad a Dhéanaimid
Leabharlanna agus Cartlanna Teilifíse RTÉ

Archives Archives Archives

Coinníonn Leabharlanna agus Cartlanna RTÉ áis lántiomnaithe caomhnaithe agus buanaithe i bhfeidhm ina bhfuil cóipeanna digiteacha d'ábhar luachmhar, agus déanann maoirseacht ar athchóiriú agus aistriú meán ó fhormáidí atá leochailleach nó as feidhm.

Ó cuireadh tús le Teilifís RTÉ i 1961, tháinig mórathrú suntasach ar an dóigh ina ndéantar cláir agus ar na formáidí ina ndéantar iad a thaifeadadh. Chomh maith le léiriúcháin a scannánú ar scannán, rinneadh cláir luatha stiúidío a thaifeadadh ar théip mhór físe ar spólanna móra oscailte. Le himeacht na mblianta, bhain tionscal na craoltóireachta úsáid as formáidí difriúla scannáin agus fístéipe. Chomh maith le cóireáil a dhéanamh ar na seanfhormáidí sin, déanann Leabharlanna agus Cartlanna RTÉ cóireáil ar an trealamh lena seinntear iad, ionas go mbeidh na híomhánna ar fáil le húsáid sa todhchaí. Is cuid de mhórthionscadal cartlainne de chuid RTÉ é seo, chun táirgí teilifíse na hÉireann a chaomhnú agus a chur ar fáil. Tá polasaí leanúnach ag Leabharlanna agus Cartlanna RTÉ chun ábhar ar fhormáidí leochailleacha nó as dáta a aistriú go fístéip digiteach betacam.

Cuireadh tionscadal catalógaithe ar bun i 2000 chun taifid a bhaineann le cláir i Leabharlanna agus Cartlanna RTÉ a chaighdeánú agus a thabhairt suas chun dáta. Bíonn foireann na cartlainne ag amharc ar chláir agus ag ullmhú liostaí mionsonraithe seatanna le hiontráil inár mbunachar sonraí.

Feiceann lucht féachanna Teilifíse RTÉ an t-ábhar cartlainne in úsáid i réimse leathan clár. I measc sraitheanna fíorasacha faisnéise RTÉ úsáideann "Reeling in the Years", "Léargas", "Hidden History" agus "Arts Lives" píosaí scannáin as na cartlanna.

Déanann sraith "Take 2" RTÉ TWO athchraoladh ar chláir a ndearnadh athchóiriú orthu as iarchatalóg an stáisiúin.

Is féidir ábhar foilsithe as Leabharlanna agus Cartlanna RTÉ, léiriúcháin drámaíochta athmháistrithe "Strumpet City", mar shampla, a cheannach ó Ár dTairgí.

 

RTE  Shop Archive Products

See RTÉ CDs, DVDs, books, etc., including releases from RTÉ Libraries and Archives. RTÉ Shop...