Look and Listen About Broadcasting About RTE Archives Sales and Services Our Products

Cad a Dhéanaimid - Leabharlann Grianghraf RTÉ

Archives Archives Archives

Cuireadh tús le tionscadal digitithe Leabharlann Grianghraf RTÉ i 1996 chun na buníomhánna a bhí i Leabharlanna Grianghraf RTÉ a chur i gcartlann ar mhaithe le brabhsáil agus athghabháil níos éasca. Go dtí seo tá os cionn 100,000 íomhá arna ndigitiú tríd an tionscadal seo. Tá íomhánna digitithe Leabharlanna Grianghraf RTÉ stóráilte i bhformáidí JPEG nó TIFF. Tá os cionn 50,000 de na híomhánna seo curtha i gcatalóg go dtí seo. Próiseas leanúnach is ea digitiú agus catalógú bhailiúcháin Leabharlanna Grianghraf RTÉ.

Feiceann lucht féachana Teilifíse RTÉ ábhar as Leabharlann Grianghraf RTÉ in úsáid i réimse leathan clár. I measc na sraitheanna faisnéise fíorasacha de chuid RTÉ a úsáideann íomhánna as Leabharlann Grianghraf RTÉ tá "Reeling in the Years", "Léargas", "Hidden History" agus "Arts Lives". Baintear úsáid as íomhánna ó Leabharlann Grianghraf RTÉ go rialta freisin ar 'The Late Late Show', 'Tubridy Tonight' agus 'Prime Time'. Baineann na tionscail nuachtán agus foilsitheoireachta an-úsáid as ábhar de chuid Leabharlann Grianghraf RTÉ.

Is féidir "Off Camera: Images from the early years of RTÉ Television", a d'fhoilsigh Poolbeg agus RTÉ, a cheannach ó Ár dTáirgí. Tá beagnach 100 íomhá dubh agus bán as bailiúcháin Leabharlann Grianghraf RTÉ sa leabhar seo, a chlúdaíonn an tréimhse ó na seascadaí luatha go dtí lár na seachtóidí.

RTE  Shop Archive Products

See RTÉ CDs, DVDs, books, etc., including releases from RTÉ Libraries and Archives. RTÉ Shop...