|
Tá ábhar craolta á dtáirgeadh agus á gcoimeád ag Craoltóireacht Seirbhíse Poiblí na hÉireann le breis agus ochtó bliain. Tá cláir raidió agus teilifíse, grianghraif, cáipéisí léirithe, scripteanna, scóir cheoil agus lámhscríbhinní i mbailiúcháin Leabharlanna agus Cartlanna RTÉ.
Bhunaigh RTÉ tionscadal digitithe agus catalógaithe i lár na 1990í ionas go ndéanfar a ábhar fuaime agus físe ar fad a chaomhnú de réir na gcleachtas idirnáisiúnta is fearr. Tugann na bailiúcháin seo léargas uathúil tábhachtach dúinn den saol in Éirinn agus cuirtear ábhar nua leis gach lá.
Is féidir samplaí as stórchiste cartlainne RTÉ a fheiceáil sa rannóg Féach & Éist den suíomh idirlín seo.
Chun Leabharlanna agus Cartlanna RTÉ a rochtain ar an suíomh idirlín téigh chuig an rannóg ina bhfuil Díolacháin agus Seirbhísí.
Cad a Dhéanaimid...
Ár Sealúchas...
|