|
Tá ábhar ag Leabharlanna agus Cartlanna Teilifíse RTÉ a léiríodh nó a coimisiúnaíodh ó 1961 go dtí an lá inniu. Tá nuacht, cúrsaí reatha, cláir as Gaeilge, cláir faisnéise, gnéchláir, siamsaíocht, spórt, drámaíocht, ealaín, litríocht, ceol agus réimse leathan de ghnáthseatanna stoic sna píosaí scannáin seo.
Chomh maith le cartlanna craolta, tá ríleanna nuachta Éireannacha a théann siar go timpeall 1913 bailithe ag RTÉ. Tá méadú de shíor ar líon na mbailiúchán scannáin agus físe atá á gcur i dtaisce i Leabharlanna agus i gCartlanna Teilifíse RTÉ lena gcaomhnú, á n-athchóiriú agus á ndigitiú.
Tá sealúchas Leabharlanna agus Chartlanna Teilifíse RTÉ roinnte idir na leabharlanna craolta i Montrós agus ionad caomhnaithe agus digitithe in áiteanna eile.
|