|
Tá timpeall 2.8 milliún íomhá grianghrafóireachta i Leabharlann Grianghraf RTÉ a fuarthas ón iliomad foinsí. I measc na ngrianghraf a thóg grianghradóirí RTÉ tá íomhánna láithreoirí, aíonna agus ball foirne a bhí páirteach i léiriú clár Teilifíse agus Raidió RTÉ. I rith na mblianta, chlúdaigh na grianghrafóirí seo imeachtaí sóisialta, stairiúla agus polaitiúla in Éirinn.
Chomh maith leis an ábhar seo, tá bailiúcháin éagsúla ag Leabharlann Grianghraf RTÉ a mbaineann tábhacht stairiúil leo a théann siar go tús an fichiú haois. Clúdaíonn na bailiúcháin sin réimse leathan imeachtaí sóisialta agus polaitiúla, ina measc Éirí Amach 1916, Cogadh na Saoirse, an Cogadh Cathardha, cuairt George V ar Éirinn agus an Chomhdháil Eocairisteach i 1932.
Coinnítear íomhánna bunúsacha i bhformáid éagsúla, mar shampla, plátaí gloine sleamhnáin laindéir, claonchlónna, sleamhnáin 35mm, i bhfoirm dhigiteach agus i bpriontaí daite agus dubh agus bán.
Stóráiltear íomhánna digiteacha Leabharlann Grianghraf RTÉ i bhformáidí JPEG nó TIGG. Tá os cionn 50,000 de na híomhánna digiteacha seo arna gcatalógú go dtí seo.
Seacht bpríomhbhailiúchán d'íomhánna grianghrafadóireachta atá i Leabharlanna Grianghraf RTÉ agus clúdaíonn siad imeachtaí agus pearsanachtaí in Éirinn ó gach tréimhse den bhfichiú haois.
Rannóg Amhairc agus Éisteachta: Príomhbhailiúcháin Leabharlann Grianghraf RTÉ
|