|
Coinníonn Leabharlanna agus Cartlanna Raidió RTÉ rogha fairsing, idir nuacht, spórt, ealaíona, ceol traidisiúnta, cláir faisnéise agus ábhar drámaíochta.
Téann an bailiúchán de cheol taifeadta siar go bunú 2RN i 1926. Thosaigh cartlannú an fhocail labhartha deich mbliana ina dhiaidh sin, le ceannach an chéad innealra chun dioscaí a ghearradh. Téanna na taifid fuaime is sine i seilbh RTÉ siar roimh 1930, ach baineann an mhórchuid den bhailiúchán leis an gceathrú deireanach den bhfichiú haois.
Ó 1966 i leith tá cláir bheo raidió am lae a chraoltar ar bhonn laethúil nó seachtainiúil á dtaifead, á gcatalógú agus á stóráil i bhformáid dhigiteach. Tá 100,000 uair an chloig de thaifid ceoil agus focail labhartha ag RTÉ anois. Cuirtear os cionn 5,000 d'fhocail labhartha agus 2,000 uair an chloig de thaifid cheoil thráchtála á gcur leis an mbailiúchán.
Tá áis lántiomnaithe athchóirithe agus caomhnaithe á forbairt ag Leabharlanna agus Cartlanna Raidió RTÉ chun maoirseacht a dhéanamh ar thaifid fuaime ó fhormáidí oidhreachta a aistiú go sábháilte. I measc na bhformáidí sin, tá dioscaí aicéatáite, seilleaic agus vinile, chomh maith le téipeanna analóige agus digiteacha de chineálacha éagsúla. |