|
Is ag Leabharlanna agus Cartlanna RTÉ atá an bailiúchán is mó in Éirinn d'ábhar físe agus fuaime. Chomh maith leis na céadta míle uair an chloig de chláir raidió agus teilifise, tá an bailiúchán is fairsinge sa stát de cheol taifeadta agus d'íomhánna grianghrafadóireachta agus tá cartlanna móra de thaifid pháipéir ag Leabharlanan agus Cartlanna RTÉ, ina measc scripteanna clár, scóir cheoil agus lámhscríbhinní. Níl fédiri catalóga agus cháipéisí tacúla RTÉ a shárú, mar thaifid de shaol na hÉireann san fhichiú haois.
Taifead Uathúil de shaol na hÉireann
Tugann Leabharlanna agus Cartlanna RTÉ aire do thaifead físe agus fuaime de mórimeachtaí agus pearsanachtaí na staire in Éirinn ó thús na haoise seo caite, agus déanann bailiúcháin aonaracha meán, nach bhfuil a macasamhail eile ann, a bhainistiú.
Tá sampla fairsing den cheol ar éist Éireannaigh leis agus a léirigh Éireannaigh san fhichiú haois i mbailiúchán Leabharlanna Fuaime RTÉ. Glactar leis go bhfuil bailiúchán cheol traidisiúnta Chartlanna Fuaime RTÉ i measc na mbailiúchán is fearr dá gcineál.
Tá an bailiúchán i Leabharlanna agus Cartlanna Teilifise RTÉ, ar cuireadh tús leis nuair a d'oscail RTÉ ar Oíche Chinn Bhliana 1969, ar an mbailiúchán fuaime agus físe is tábhachtaí in Éirinn. Chomh maith leis sin tugann an chartlann aire do thaifid ríleanna nuachta agus amatéireacha a théann siar go dtí na 1890í.
Ár nGabháltais – Cartlanna Teilifise...
Ár nGabháltais - Cartlanna Raidió...
Ár nGabháltais - Leabharlanna Grianghraf RTÉ...
|