Look and Listen About Broadcasting About RTE Archives Sales and Services Our Products
About this Site

Téarmaí Úsáide RTÉ.ie

Is é RTÉ.ie (www.rte.ie) an chuid sin de Fhoilsitheoireacht RTÉ a fheidhmíonn agus a bhainistíonn an suíomh seo. Tríd an suíomh seo a úsáid, aontaíonn tú go mbeidh tú faoi cheangal na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo le dlí. Mura n-aontaíonn tú a bheith faoi cheangal na dtéarmaí uile seo a leanas le dlí, níor chóir duit RTÉ.ie a rochtain ná a úsáid.

Coinníonn RTÉ an ceart na téarmaí seo a athrú ó am go chéile. Trí leanúint ar aghaidh le bheith ag úsáid an tsuímh tar éis athruithe a bheith fógraithe, aontaíonn tú go mbeidh tú faoi cheangal na dtéarmaí seo le dlí faoi mar a thugtar cothrom le dáta agus/nó a leasaítear iad.

Úsáid Dhleathach

Ní cead duit ábhar RTÉ.ie a chraoladh, a chóipeáil, a íoslódáil, a fhrámú, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a chur sa phost, a tharchur ná ábhar RTÉ.ie a bhíonn le feiceáil ar shuíomh RTÉ.ie a úsaid ar bhealach eile in aon chaoi eile seachas i gcomhair d'úsáide pearsanta féin ar bhonn neamhthráchtála. Ní foláir cead scríofa RTÉ a fháil roimh ré chun ábhar den sórt sin a úsáid eile ar aon bhealach eile.

Aontaíonn tú RTÉ.ie a úsáid chun críocha dleathacha amháin, agus ar bhealach nach sáraíonn cearta aon triú páirtí agus nach srianaíonn nó nach gcuireann isteach ar úsáid nó ar thaitneamh ag aon triú páirtí as an suíomh seo. Áirítear an méid seo a leanas le hiompar a bhfuil cosc air ach níl iompar cosctha teoranta don mhéid seo a leanas: clúmhilleadh, ciapadh nó cur as nó isteach ar aon duine, ábhar gáirsiúil nó déistineach nó aon rud a d'fhéadfadh cur isteach ar inoibritheacht nó ar shlándáil RTÉ.ie a tharchur.

Maoin Intleachtúil

Admhálann tú go bhfuil an t-ábhar lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta do théacs, íomhánna agus lógónna lena n-aithnítear RTÉ nó tríú páirtithe agus a dtáirgí agus seirbhísí faoi réir ag cóipcheart, cearta dearaidh agus trádmharcanna RTÉ agus/nó tríú páirtithe. Ní ceadmhach duit trádmharc, paitinn, ceart dearaidh ná cóipcheart RTÉ ná tríú páirtí eile a úsáid gan toiliú scríofa a fháil ó RTÉ nó ón tríú páirtí roimh ré.

Suímh/Naisc le Tríú Páirtí

Níl RTÉ freagrach as infhaighteacht ná as ábhar suíomh idirlín le tríú páirtí ar bith ná as ábhar ar bith a dtagtar air trí shuíomh RTÉ.ie. Níl smacht ná maoirseacht ag RTÉ ar ábhar ar na suímh nasctha sin.

Ní cheadaíonn RTÉ.ie, agus ní bheidh sé freagrach as ábhar, fógraíocht, táirgí, seirbhísí ná faisnéis ar bith ar, nó ar fáil trí shuímh le tríú páirtithe. Ní chlúdaíonn na téarmaí agus na coinníollacha seo suímh le tríú páirtithe atá ar fáil trí nasc le RTÉ.ie.

Ginearálta

Má chinntear go bhfuil foráil ar bith sna téarmaí nó sna coinníollacha seo neamhdhleathach, neamhbhailí nó neamh-infheidhmitheach ar bhealach eile de bharr dlíthe stát nó tír ar bith ina bhfuil sé beartaithe go mbeadh éifeacht leis na téarmaí seo, déanfar mar sin, a mhéad is atá an téarma sin neamhdhleathach, neamhbhailí nó neamh-infheidhmitheach a ghearradh amach agus a scriosadh amach as na téarmaí seo laistigh den dlínse agus mairfidh na téarmaí atá fágtha, i bhfeidhm agus in éifeacht go hiomlán.

Beidh na téarmaí seo faoi rialú dhlíthe na hÉireann agus bainfear ciall as na téarmaí dá réir siúd.

Má bhíonn ceist ar bith ort i dtaobh na d téarmaí úsáide seo, téigh i dteagmháil lenár ndeasc cabhrach le do thoil ag info@RTÉ.ie.

Féach freisin:

Príobháideachas Sonraí

Séanadh

Cóipcheart

RTE  Shop Archive Products

See RTÉ CDs, DVDs, books, etc., including releases from RTÉ Libraries and Archives. RTÉ Shop...