Look and Listen About Broadcasting About RTE Archives Sales and Services Our Products
About this Site

Séanadh maidir le Suíomh Idirlín
Leabharlann agus Chartlann RTÉ

Rinneadh gach dícheall an suíomh seo a ullmhú go cúramach. Séanann Leabharlanna agus Cartlanna RTÉ gach baránta, sainráite nó intuigthe, áfach, maidir le cruinneas na n-ábhar a chuirtear i láthair anseo istigh.

Cruthaíodh tuairiscí go leor de na híomhánna ar líne sa bhunachar sonraí seo as foinsí stairiúla. D'fhéadfadh earráidí clóghrafacha a bheith iontu, nó faisnéis thábhachtach a bheith in easnamh orthu. Bíonn taighde leanúnach ag cur lenár n-eolas ar na híomhánna seo áfach, agus bítear ag cur le taifid go leanúnach. Más mian leat cabhrú leis an bpróiseas sin, déan teagmháil linn le do thoil, chun earráidí litrithe, clóghrafaíochta nó fíriciúla a fhéadfaidh tú a thabhairt faoi deara a chur ar ár súilibh dúinn. Cuirimid fáilte roimh ainmneacha aon daoine, áiteanna nó imeachtaí gan ainm a d'fhéadfá a aithint.

Féach: mionsonraí teagmhála.

www.rte.ie Séantaí/Teorannú Dliteanais

1. Soláthraítear ábhar RTÉ.ie ar bhonn "MAR ATÁ" agus "MAR ATÁ AR FÁIL" gan uiríoll ar bith ná baránta de chineál ar bith, cibé sainráite, intuigthe nó reachtúil maidir le hindíoltacht, feiliúnacht le haghaidh feidhm ar leith, neamh-shárú, comhoiriúnacht, slándáil ná cruinneas.

2. Ní bheidh RTÉ freagrach as damáistí ar bith, lena n-áirítear damáistí díreacha nó iarmhartacha, ná as damáistí a thagann de bharr úsáidte nó caillteanais úsáidte, as cur isteach ar bith ar ghnó, as caillteanas sonraí ná as caillteanas brabúis, cibé i gconradh, i bhfaillí nó i gcaingean tortach, a thagann de bharr nó i dtaca le húsáid RTÉ.ie

3. Ní thugann RTÉ baránta nach gcuirfear isteach ar fheidhmeanna in ábhar RTÉ.ie ná go mbeidh siad saor ar earráidí, go gceartófar lochtanna ná go mbeidh RTÉ.ie nó an freastalaí a chuireann ar fáil é, saor ó vírís nó fhabhtanna.

Maoin Intleachtúil

4. Admhálann tú go bhfuil an t-ábhar lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta do théacs, íomhánna agus lógónna lena n-aithnítear RTÉ nó tríú páirtithe agus a dtáirgí agus seirbhísí faoi réir ag cóipcheart, ag cearta dearaidh agus ag trádmharcanna le RTÉ agus/nó le tríú páirtithe. Ní ceadmhach duit trádmharc, paitinn, ceart dearaidh ná cóipcheart le RTÉ nó le tríú páirtí eile ar bith a úsáid gan toiliú scríofa a fháil ó RTÉ nó ón tríú páirtí roimh ré.

Suímh/Naisc le Tríú Páirtí

5. Níl RTÉ freagrach as infhaighteacht nó as ábhar suíomh idirlín le tríú páirtí ar bith nó as ábhar a dtagtar air trí shuíomh RTÉ.ie. Níl smacht ná maoirseacht ag RTÉ ar ábhar ar na suímh nasctha sin.

6. Ní cheadaíonn RTÉ.ie, agus ní bheidh sé freagrach as aon ábhar, fhógraíocht, táirgí, seirbhísí nó fhaisnéis ar, nó ar fáil trí shuímh le tríú páirtithe. Ní chlúdaíonn na téarmaí agus na coinníollacha seo suímh le tríú páirtithe atá ar fáil trí nasc le RTÉ.ie.

Ginearálta

7. Má chinntear go bhfuil aon fhorálacha de na téarmaí agus na coinníollacha seo neamhdhleathach, neamhbhailí nó neamh-infheidhmitheach ar bhealach eile de bharr dlíthe stát nó tír ar bith ina bhfuil sé beartaithe go mbeadh éifeacht leis na téarmaí seo, déanfar mar sin, a mhéad is atá an téarma sin neamhdhleathach, neamhbhailí nó neamh-infheidhmitheach a ghearradh amach agus a scriosadh amach as na téarmaí seo laistigh den dlínse agus mairfidh na téarmaí atá fágtha, i bhfeidhm agus in éifeacht go hiomlán.

8. Beidh na téarmaí seo faoi rialú dhlíthe na hÉireann agus bainfear ciall as na téarmaí dá réir siúd.

RTE  Shop Archive Products

See RTÉ CDs, DVDs, books, etc., including releases from RTÉ Libraries and Archives. RTÉ Shop...