An bhfuil deireadh seachtaine ann i nGaillimh nuair nach bhfuil féile iontach ann?! Beidh an focal scríofa á cheiliúradh idir an 23 agus an 30 Aibreán i gCathair na dTreabh ag Féile na Cúirte. Clúdófar na réimsí seo a leanas sa bhféilire cuimsitheach; oideachas, filíocht, ceardlanna scríbhneoireachta, imeachtaí do pháistí agus ceol. 

Seo cuid de na himeachtaí a sheasann amach ó sceideal na féile, cé gur mhaith linn freastal ar an rud ar fad!

Cúirt Labs as Gaeilge le Branar & Fíbín do dhaltaí iarbhunscoile,  24 Aibreán @ 1.00- 3.00, sa Galway Arts Centre, 47 Sráid Doiminic. 

Pop-up Literature, tréimhsí 20 nóiméad de chaint, léitheoireacht agus ceol ar fud na cathrach. I measc na scríbhneoirí a bheidh le cloisteáil, beidh Miquel Barceló, Sarah Maria Griffin, Stephen Burt agus Mary O' Malley- 25- 28 Aibreán @ 11:00 r.n-  4:00 i.n (gach eolas ar láthair anseo)

Leabhar Sarah Maria Griffin a bheidh le cloisteáil ag Féile na Cúirte

Writing for TV and Film le Lindsay J Sedgwick ar an 27 Aibreán, 12.30 i.n ar Champas GMIT. Bí ag súil le leideanna praiticiúla, eolas ar scéalaíocht agus forbairt carachtair ag an gceardlann. 

Digital Literature and Art: Interface as Creative Device ar an 28 Aibreán, ag 6.00 i.n ag Galway Arts Centre, 47 Sráid Doiminic. Pléifidh painéal na dúshláin agus buntáistí a bhaineann leis an saol digiteach ina mairimid i gcomhthéacs na healaíona. 

An Focal: Grá sa Taibhdhearc, 29 Aibreán @ 2:00 pm - 3:30 pm Tabharfaidh triúr ealaíontóirí, Ceara Conway, Caitríona Ní Chléirchín agus Séamus Barra Ó Súilleabháin a dtuiscinti ar an bhfocal grá.