Is fánach an áit a dtrasnaíonn cultúr amháin cultúr eile. Ní fios cén fáth, ach d’éirigh leis an bhfile Antaine Ó Reachtabhra, nó Raiftearaí mar is fearr aithne air, an trasnú sin a bhaint amach, mar is beag duine a fuair a gcuid scolaíochta in Éirinn nár chuala na línte seo a leanas;

‘Mise Raiftearaí an file,

Lán dóchais agus grádh’,

Le súilibh gan solus

Ciúineas gan chrádh’

N’fheadar dá mbeadh ‘fhios ag an bhfear é féin, an gcuirfeadh sé mórán spéise ann? Dár ndóigh, tá go leor, leor eile scríofa ag Raiftearaí ach sin iad na línte a bhfuil seilbh glactha ag muintir na hÉireann orthu. Ní gach duine a thuigeann na línte atá suaite isteach ina bhfochoinsias acu, ach tá ann do dhaoine a thuigeann óna línte úd gur file dall ab ea Raiftearaí a mhair am éigin i bhfad siar.

Macasamhail go leor acu, bhí barúil agamsa cérbh é ach ní raibh ach cnámha an scéil ar eolas agam go bhfuair mé an leabhar seo, Mise Raiftearaí, An Fíodóir Focal  mar bhronntanas. Níor cheap mé go mbeadh dóthain spéise agamsa ann le leabhar toirtiúil, 240 leathanach a léamh air, ach mar a bhaineann le gach aon leabhar má insítear scéal láidir, coinneoidh tú an léitheoir leat.

I mbrollach an leabhair, tá an abairt seo ón scríbhneoir Meiriceánach, clúiteach Toni Morrison, ‘If there’s a book that you want to read, but it hasn’t been written yet, then you must write it’. Is léir ón gcéad leathanach go dtí an clúdach cúil gur leabhar é seo a raibh an-dúil ag Mac Dhonnagáin a léamh. Tá a chroí istigh ann. Tá cuid dó féin istigh ann. Ní haon ionadh an fhiosracht atá léirithe ag an údar ann, nuair a mhínítear gurb as an ceantar céanna i gcontae Mhaigh Eo eisean agus Raiftearaí. Leagtar an scéal seo amach go croineolaíoch, ag tosú le muintir Raiftearaí, a gcúlra agus an óige a bhí ag an bhfile i gcontae Mhaigh Eo. Beirtear ar an léitheoir maoithneach nuair a mhínítear an bealach ar chaill Antaine radharc a shúl i gcomhthéacs scéal tragóideach na clainne.

‘Ach in ainneoin na bpaidreacha agus na n-orthaí, in ainneoin na bpisreog agus na ndeasghnátha, ní raibh aon leigheas i ndán do na gasúir… trí lá ina dhiaidh sin arís, bhí ochtar de naonúr muirín an fhíodóra sínte ar urlár na cistine, fuar marbh. Duine amháin a bhí fanta beo, más ar éigean féin é’

Ach murab ionann agus gach deirfiúr agus deartháir a bhí aige, mhair Antaine cé gur bhain an bolgach an radharc dá shúile de. Mhair sé go raibh sé caoga sé bliain d’aois, ag siúl na mbóithre ag cumadh filíochta agus ag seinm na fidle.Tá tréithe ag an leabhar seo a ardaíonn ó scéal atá inste go maith go sár-leabhar é; an dea-scríbhneoireacht, an comhthéacs stairiúil agus an anailís chomhaimseartha is mó a théann i bhfeidhm ar an léitheoir.

Fíoraíonn an leabhar seo an riail gur fhearr i bhfad scríbhneoireacht ghlan, ghonta seachas scríbhneoireacht fhadálach, fhoclach. Admhaíonn Mac Dhonnagáin ag tús an leabhair nach raibh mórán fágtha d’fhianaise ar shaol an fhile a rugadh ag deireadh ré órga na bhfilí agus a mhair le linn ghéarleanúint na gCaitliceach, Éirí Amach 1798, Bliain na bhFrancach. Fós féin, éiríonn go paiteanta leis an údar scéal Raiftearaí a insint. Ní hamháin go mbaineann an léitheoir pléisiúr as reacaireacht Mhic Dhonnagáin ach pléitear eachtraí suntasacha sa stair, sa pholaitíocht agus i ndul chun cinn na tíre go hábhartha, breis agus céad ochtó bliain i ndiaidh bhás an fhile. Ní beag an méid é sin.

Shiún Ní Dhuinn

Is féidir tuilleadh de shaothar Shiún Ní Dhuinn a aimsiú ag www.asannua.com