Aonad 6 / Unit 6: Bhí mé san Iodáil / I was in Italy
You can listen to this unit by clicking the play button below, and by using the vertical bar to move forwards and backwards.
Download MP3 for Aonad 6 (Right Click link and select Save As)
Comhrá / Conversation 6.1
Darach talks to Aoife about his weekend in New York.
Aoife: Chuala mé go raibh tú féin agus Áine i Nua-Eabhrac don deireadh seachtaine.Darach: Bhí. Chuaigh muid ansin Déardaoin agus tháinig muid ar ais maidin Dé Luain. Fuair muid
eitiltí saora le hAer Lingus.
Aoife: Go hiontach. Cén áit ar fhan sibh?
Darach: D’fhan muid in óstán darb ainm The Edison. Tá sé díreach in aice le Broadway agus Times
Square.
Aoife: Ó, bhí sé sin an-áisiúil. An bhfuil an t-óstán sin daor?
Darach: Tá sé daor go leor. Bhí an seomra beagnach dhá chéad dollar san oíche.
Aoife: Bhí sin an-chostasach ach tá sé deacair lóistín saor a fháil i Nua- Eabhrac.
Darach: Tá sin fíor. Ach ar a laghad tá an dollar an-lag faoi láthair.
Aoife: An bhfuil an t-óstán go deas?
Darach: Níl sé ródhona. Tá sé bunúsach ach breá lárnach. Is féidir leat siúl gach áit.
Aistriúchán / Translation
Aoife: I heard yourself and Áine were in New York for the weekend.Darach: Yes. We went there on Thursday and came back on Monday morning.
We got cheap flights with Aer Lingus.
Aoife: Great. Where did you stay?
Darach: We stayed in an hotel called The Edison. It’s right beside Broadway and
Times Square.
Aoife: Oh, that was very handy. Is that hotel expensive?
Darach: It’s expensive enough. The room was nearly two hundred dollars a night.
Aoife: That was very dear but it’s difficult to get cheap accommodation in New
York.
Darach: That’s true. But at least the dollar is very weak at the moment.
Aoife: Is the hotel nice?
Darach: It’s not too bad. It’s basic but nice and central. You can walk everywhere.
Comhrá / Conversation 6.2
Lorraine tells her friend Caoimhe about her recent trip to Spain.
Caoimhe: Bhí tú féin thar lear an samhradh seo, nach raibh?
Lorraine: Bhí. Bhí mé féin agus Darren sa Spáinn ar feadh coicíse.
Caoimhe: Go deas. Cén áit a raibh sibh?
Lorraine: Chaith muid cúpla lá i Sevilla, ansin thiomáin muid go Granada agus
go Málaga ina dhiaidh sin.
Caoimhe: Bhí mé féin i Málaga timpeall cúig bliana ó shin. Is baile álainn é.
Lorraine: Tá sé an-deas ar fad. Tá an lóistín breá saor ansin agus tá na bialanna
an-réasúnta ar fad.
Caoimhe: Agus tá sé díreach in aice na farraige. Tá na tránna go hálainn agus ní
bhíonn siad róphlódaithe. Cén cineál lóistín a bhí agaibh ansin?
Lorraine: D’fhan muid in óstán an-deas i lár an bhaile. Ní raibh sé ródhaor agus
bhí sé deas ciúin.
Caoimhe: Tá mé féin agus mo chol ceathrair ag dul go tuaisceart na hIodáile an
mhí seo chugainn ar feadh deich lá. Tá mé ag súil go mór leis. Tá mé
bréan den drochaimsir seo!
Aistriúchán / Translation
Caoimhe: You were abroad this summer, weren’t you?
Lorraine: Yes. Darren and I were in Spain for a fortnight.
Caoimhe: Very nice. Where were you?
Lorraine: We spent a few days in Sevilla, then we drove to Granada and to
Málaga after that.
Caoimhe: I was in Málaga myself about five years ago. It’s a lovely town.
Lorraine: It’s very nice indeed. The accommodation is nice and cheap
there and the restaurants are very reasonable indeed.
Caoimhe: And it’s right beside the sea. The beaches are very pretty and they’re not
too crowded. What kind of accommodation did you have there?
Lorraine: We stayed in a very nice hotel in the middle of town. It wasn’t too
expensive and it was nice and quiet.
Caoimhe: My cousin and I are going to the north of Italy next month for ten days.
I’m really looking forward to it. I’m sick of this bad weather!
Comhrá / Conversation 6.3
Siobhán is on a date with Stephen and is finding his conversation really boring.
Stephen: Sea, tá a lán taistil déanta agam le cúpla bliain anuas.
Siobhán: Ó, an bhfuil?
Stephen: Tá. Anuraidh, mar shampla, bhí mé i Meiriceá, i gCúba, sa Fhrainc agus sa Phortaingéil.
Siobhán: Suimiúil.
Stephen: Sea, agus arú anuraidh bhí mé i Meiriceá Theas agus san
Astráil. Chaith mé trí mhí ag taisteal. An bhfuil mórán taistil déanta agat féin?
Siobhán: Níl, i ndáiríre. Bhí mé i gCeanada an bhliain seo caite …
Stephen: Ó, is breá liom Ceanada. Bhí mé ansin trí huaire le deich mbliana anuas. Tá an tír go
hálainn.
Siobhán: Tá. An-deas ar fad.
Stephen: An samhradh seo chugainn, tá sé i gceist agam mí a chaitheamh san Áise – sa Téalainn,
i Neipeal agus sa Chambóid. Ansin, ag deireadh …
Siobhán: Éist, caithfidh mise dul abhaile.
Stephen: Ach níl sé ach a naoi a chlog!
Aistriúchán / Translation
Stephen: Yes, I’ve done a lot of travelling in the past few years.
Siobhán: Oh, have you?
Stephen: Yes. Last year, for example, I was in America, in Cuba, in France and in Portugal.
Siobhán: Interesting.
Stephen: Yes, and the year before last I was in South America and Australia. I spent three months
travelling. Have you done much travelling yourself?
Siobhán: Not really. I was in Canada last year …
Stephen: Oh, I love Canada. I’ve been there three times in the past ten years. The country is really
lovely.
Siobhán: Yes. Very nice indeed.
Stephen: Next summer, I intend spending a month in Asia – in Thailand, in Nepal and in Cambodia.
Then, at the end …
Siobhán: Listen, I have to go home.
Stephen: But it’s only nine o’clock!
Gníomhaíocht / Activity 6.1
Try giving the Irish version of the following phrases:
- I heard you were in New York for the weekend.
- We went there on Thursday and came back on Monday morning.
- Is that hotel expensive?
- It’s difficult to get cheap accommodation in New York.
- Myself and Darren were in Spain for a fortnight.
- We spent a few days in Sevilla, then we drove to Granada.
- It’s a lovely town.
- The beaches are very pretty and they’re not too crowded.
- Myself and my cousin are going to the north of Italy.
- I’ve done a lot of travelling in the past few years.
- I was in America, in Cuba, in France and in Portugal.
- Have you done much travelling yourself?
Gníomhaíocht / Activity 6.2
It’s your turn to have a conversation now. Pretend you’re Aoife and that you’re talking to Darach.
Say: I heard yourself and Áine were in New York for the weekend.
Darach: Bhí. Chuaigh muid ansin Déardaoin agus tháinig muid ar ais maidin Dé Luain. Fuair muid
eitiltí saora le hAer Lingus.
Say: Great. Where did you stay?
Darach: D’fhan muid in óstán darb ainm The Edison. Tá sé díreach in aice le Broadway agus
Times Square.
Say: Oh, that was very handy. Is that hotel expensive?
Darach: Tá sé daor go leor. Bhí an seomra beagnach dhá chéad dollar san oíche.
Say: That was very dear but it’s difficult to get cheap accommodation in New York.
Darach: Tá sin fíor. Ach ar a laghad tá an dollar an-lag faoi láthair.
Say: Is the hotel nice?
Darach: Níl sé ródhona. Tá sé bunúsach ach breá lárnach. Is féidir leat siúl gach áit.
Gníomhaíocht / Activity 6.3
Cover up Column B and see if you can think of the Irish equivalent of each word in Column A.
Colún A Colún B
- flights eitiltí
- the hotel an t-óstán
- beside in aice le
- very dear an-daor / an-chostasach
- basic bunúsach
- abroad thar lear
- we drove thiomáin muid
- restaurants bialanna
- too crowded róphlódaithe
- accommodation lóistín
- too expensive ródhaor
- a lot of travel a lán taistil
- travelling ag taisteal
- three times trí huaire
Answers to the activities on the recording
Gníomhaíocht / Activity 6.1
- Chuala mé go raibh tú i Nua-Eabhrac don deireadh seachtaine.
- Chuaigh muid ansin Déardaoin agus tháinig muid ar ais maidin Dé Luain.
- An bhfuil an t-óstán sin daor?
- Tá sé deacair lóistín saor a fháil i Nua-Eabhrac.
- Bhí mé féin agus Darren sa Spáinn ar feadh coicíse.
- Chaith muid cúpla lá i Sevilla, ansin thiomáin muid go Granada.
- Is baile álainn é.
- Tá na tránna go hálainn agus ní bhíonn siad róphlódaithe.
- Tá mé féin agus mo chol ceathrair ag dul go tuaisceart na hIodáile.
- Tá a lán taistil déanta agam le cúpla bliain anuas.
- Bhí mé i Meiriceá, i gCúba, sa Fhrainc agus sa Phortaingéil.
- An bhfuil mórán taistil déanta agat féin?
Gníomhaíocht / Activity 6.2
Aoife: Chuala mé go raibh tú féin agus Áine i Nua-Eabhrac don deireadh seachtaine.
Darach: Bhí. Chuaigh muid ansin Déardaoin agus tháinig muid ar ais maidin Dé Luain. Fuair
muid eitiltí saora le hAer Lingus.
Aoife: Go hiontach. Cén áit ar fhan sibh?
Darach: D’fhan muid in óstán darb ainm The Edison. Tá sé díreach in aice le Broadway agus
Times Square.
Aoife: Ó, bhí sé sin an-áisiúil. An bhfuil an t-óstán sin daor?
Darach: Tá sé daor go leor. Bhí an seomra beagnach dhá chéad dollar san oíche.
Aoife: Bhí sin an-chostasach ach tá sé deacair lóistín saor a fháil i Nua-
Eabhrac.
Darach: Tá sin fíor. Ach ar a laghad tá an dollar an-lag faoi láthair.
Aoife: An bhfuil an t-óstán go deas?
Darach: Níl sé ródhona. Tá sé bunúsach ach breá lárnach. Is féidir leat siúl
gach áit.
