Aonad 5 / Unit 5:An maith leat do phost? / Do you like your job?
You can listen to this unit by clicking the play button below, and by using the vertical bar to move forwards and backwards.
Download MP3 for Aonad 5 (Right Click link and select Save As)
Comhrá / Conversation 5.1
Colm and Máirín were good friends at school but have lost contact with each other in recent years. Colm wants to know all about Máirín’s life at the moment.
Colm: An bhfuil tú ag obair sa bhanc fós?
Máirín: Tá, ach go páirtaimseartha. Tá mé i mo chónaí in Áth Luain anois. Beidh mé ansin
ceithre bliana an mhí seo chugainn.
Colm: An maith leat do phost?
Máirín: Tá sé ceart go leor. Tá cuid den obair an-leadránach go deo ach tá
buntáistí ag baint leis an bpost freisin.
Colm: Níor phós tú go fóill?
Máirín: Níor phós! Tá mé ag siúl amach le fear as Port Láirge le breis is bliain
anois.
Colm: An bhfuil seisean ag obair sa bhanc freisin?
Máirín: Níl, is cuntasóir é.
Colm: Tá neart airgid aige, mar sin!
Máirín: Tá, ach oibríonn sé uaireanta fada. Déanann sé ragobair go minic, go
háirithe ag an deireadh seachtaine. Níl saol sóisialta ró-iontach againn.
Aistriúchán / Translation
Colm: Are you still working in the bank?
Máirín: Yes, but on a part-time basis. I live in Athlone now. I’ll be there four
years next month.
Colm: Do you like your job?
Máirín: It’s okay. Some of the work is really very boring but the job has advantages as well.
Colm: You haven’t married yet?
Máirín: No! I’ve been going out with a man from Waterford for more than a year now.
Colm: Is he working in the bank as well?
Máirín: No, he’s an accountant.
Colm: He has lots of money, then!
Máirín: Yes, but he works long hours. He often does overtime, especially at the
weekend. Our social life isn’t great.
Comhrá / Conversation 5.2
Máirín now asks Colm about his job.
Máirín: An bhfuil tú fós i Luimneach?
Colm: Tá. Cheannaigh mé teach ansin an bhliain seo caite.
Máirín: Agus an bhfuil tú ag múineadh leat?
Colm: Níl. D’éirigh mé as an múinteoireacht bliain go leith ó shin. Is
státseirbhíseach mé anois; tá mé ag obair leis an Roinn Cosanta i Luimneach.
Máirín: Státseirbhíseach! An post buan é?
Colm: Ní hea, is post sealadach é. Tá conradh trí bliana agam ach tá súil
agam go bhfaighidh mé conradh buan ar an mbliain seo chugainn.
Máirín: Ach nach bhfuil an obair cineál leadránach?
Colm: Níl ar chor ar bith. Tá an obair suimiúil go leor.
Máirín: An bhfuil uaireanta fada i gceist?
Colm: Níl – tá siad go breá. Oibrím uaireanta solúbtha. Ní gá dom a bheith
istigh go dtí a deich a chlog, más mian liom, agus is féidir liom fágáil ar a ceathair a chlog.
Máirín: Níl sin ródhona!
Aistriúchán / Translation
Máirín: Are you still in Limerick?
Colm: Yes. I bought a house there last year.
Máirín: And are you teaching away?
Colm: No. I gave up teaching a year and a half ago. I’m a civil servant now; I’m
working with the Department of Defence in Limerick.
Máirín: A civil servant! Is it a permanent position?
Colm: No, it’s a temporary job. I’ve a three year contract but I hope to get a
permanent position next year.
Máirín: But is the work not kind of boring?
Colm: Not at all. The work is interesting enough.
Máirín: Are the hours long?
Colm: No – they’re fine. I work flexitime. I don’t have to be in until ten o’clock
if I like and I can leave at four o’clock.
Máirín: That’s not too bad!
Comhrá / Conversation 5.3
Anna asks her friend Jill about an interview she had earlier in the day.
Anna: Bhuel, abair liom – conas mar a d’éirigh leat?
Jill: Ceapaim gur éirigh go maith liom.
Anna: An raibh tú neirbhíseach?
Jill: Ní raibh mé ródhona. Chuir siad ceisteanna deacra orm ach d’éirigh liom iad go léir a
fhreagairt.
Anna: Cé mhéad duine a bhí ar an mbord agallaimh?
Jill: Ceathrar ar fad ach bhí siad go léir go deas. Chuir siad ar mo shuaimhneas mé.
Anna: Cathain a bheidh a fhios agat cé acu an bhfuair tú an post nó nach bhfuair?
Jill: Ba cheart go mbeadh a fhios agam faoin lá amárach.
Anna: Agus an dóigh leat go bhfuil seans maith agat an post a fháil?
Jill: Déarfainn go bhfuil. Ach níl mé cinnte anois an bhfuil sé de dhíth orm.
Aistriúchán / Translation
Anna: Well, tell me – how did you get on?
Jill: I think I got on well.
Anna: Were you nervous?
Jill: I wasn’t too bad. They asked me difficult questions but I managed to
answer them all.
Anna: How many people were on the interview board?
Jill: Four in all but there were all very nice. They made me feel at ease.
Anna: When will you know whether or not you got the job?
Jill: I should know by tomorrow.
Anna: And do you think you have a good chance of getting the job?
Jill: I’d say I have. But I’m not sure now that I want it.
Gníomhaíocht / Activity 5.1
Try giving the Irish version of the following phrases:
1. Are you still working in the bank?
2. On a part-time basis.
3. Do you like your job?
4. Some of the work is really very boring.
5. And are you teaching away?
6. I gave up teaching a year and a half ago.
7. I’m a civil servant now.
8. Is it a permanent position?
9. The work is interesting enough.
10. How did you get on?
11. They asked me difficult questions but I managed to answer them all.
12. I should know by tomorrow.
Gníomhaíocht / Activity 5.2
It’s your turn to have a conversation now. Pretend you’re Colm and that you’re talking to Máirín.
Say: Are you still working in the bank?
Máirín: Tá, ach go páirtaimseartha. Tá mé i mo chónaí in Áth Luain anois. Beidh mé ansin
ceithre bliana an mhí seo chugainn.
Say: Do you like your job?
Máirín: Tá sé ceart go leor. Tá cuid den obair an-leadránach go deo ach tá buntáistí ag baint leis
an bpost freisin.
Say: You haven’t married yet?
Máirín: Níor phós! Tá mé ag siúl amach le fear as Port Láirge le breis is
bliain anois.
Say: Is he working in the bank as well?
Máirín: Níl, is cuntasóir é.
Say: He has lots of money, then!
Máirín: Tá, ach oibríonn sé uaireanta fada. Déanann sé ragobair go minic, go háirithe ag an
deireadh seachtaine. Níl saol sóisialta ró-iontach againn.
Gníomhaíocht / Activity 5.3
Cover up Column B and see if you can think of the Irish equivalent of each word in Column A.
Colún A Colún B
- on a part-time basis go páirtaimseartha
- very boring an-leadránach
- advantages buntáistí
- accountant cuntasóir
- long hours uaireanta fada
- overtime ragobair
- your job do phost
- civil servant státseirbhíseach
- permanent job post buan
- temporary sealadach
- contract conradh
- interesting suimiúil
- flexitime uaireanta solúbtha
- interview board bord agallaimh
Gníomhaíocht / Activity 5.4
Fill each gap with the appropriate word from the box.
- Tá mé ag obair sa bhanc go __________________. páirtaimseartha
- Tá ____________ ag baint leis an bpost freisin. buntáistí
- Tá mé ag siúl amach le fear as Gaillimh le _______ is bliain anois. breis
- Déanann sé __________ go minic, go háirithe ag an deireadh seachtaine. ragobair
- D’éirigh mé as an _____________ bliain go leith ó shin. múinteoireacht
- Tá _________ trí bliana agam. conradh
- Ach nach bhfuil an obair cineál _____________? leadránach
- Ceapaim gur ________ go maith liom. éirigh
- D’éirigh liom na ceisteanna go léir a _____________. fhreagairt
- Cé mhéad _________ a bhí ar an mbord agallaimh? duine
Answers to the activities on the recording
Gníomhaíocht / Activity 5.1
1. An bhfuil tú ag obair sa bhanc fós?
2. Go páirtaimseartha.
3. An maith leat do phost?
4. Tá cuid den obair an-leadránach go deo.
5. Agus an bhfuil tú ag múineadh leat?
6. D’éirigh mé as an múinteoireacht bliain go leith ó shin.
7. Is státseirbhíseach mé anois.
8. An post buan é?
9. Tá an obair suimiúil go leor.
10. Conas mar a d’éirigh leat?
11. Chuir siad ceisteanna deacra orm ach d’éirigh liom iad go léir a fhreagairt.
12. Ba cheart go mbeadh a fhios agam faoin lá amárach.
Gníomhaíocht / Activity 5.2
Colm: An bhfuil tú ag obair sa bhanc fós?
Máirín: Tá, ach go páirtaimseartha. Tá mé i mo chónaí in Áth Luain anois. Beidh mé ansin
ceithre bliana an mhí seo chugainn.
Colm: An maith leat do phost?
Máirín: Tá sé ceart go leor. Tá cuid den obair an-leadránach go deo ach tá
buntáistí ag baint leis an bpost freisin.
Colm: Níor phós tú go fóill?
Máirín: Níor phós! Tá mé ag siúl amach le fear as Port Láirge le breis is bliain
anois.
Colm: An bhfuil seisean ag obair sa bhanc freisin?
Máirín: Níl, is cuntasóir é.
Colm: Tá neart airgid aige, mar sin!
Máirín: Tá, ach oibríonn sé uaireanta fada. Déanann sé ragobair go minic, go
háirithe ag an deireadh seachtaine. Níl saol sóisialta ró-iontach againn.
