Aonad 1 / Unit 1: Ag bualadh le daoine / Meeting people - Unit 1
You can listen to this unit by clicking the play button below, and by using the vertical bar to move forwards and backwards.
Download MP3 for Aonad 1 (Right Click link and select Save As)
Comhrá / Conversation 1.1
Aoife and Breandán meet at the beginning of an Irish language course in Dublin.
Aoife: Cén chaoi a bhfuil tú? Is mise Aoife. Cén t-ainm atá ortsa?
Breandán: Breandán.
Aoife: Tá sé go deas bualadh leat, a Bhreandáin.
Breandán: Cé as thú, a Aoife?
Aoife: As Gaillimh. Cé as thú féin?
Breandán: As Tiobraid Árann ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath anois le cúig bliana anuas. An bhfuil tusa i do chónaí i mBaile Átha Cliath tú féin?
Aoife: Tá. Tá mé i mo chónaí i nDroim Conrach. Bhog mé anseo timpeall trí bliana ó shin. An bhfuil tú ag súil leis an gcúrsa seo?
Breandán: Ó, tá. Tá sé blianta fada ó labhair mé Gaeilge ach tá súil agam go dtiocfaidh sí ar ais chugam tar éis cúpla rang!
Aistriúchán / Translation
Aoife: How are you? I’m Aoife. What’s your name?
Breandán: Breandán.
Aoife: It’s nice to meet you, Breandán.
Breandán: Where are you from, Aoife?
Aoife: From Galway. Where are you from yourself?
Breandán: I’m originally from Tipperary but I’ve been living in Dublin now for five
years. Are you living in Dublin yourself?
Aoife: Yes. I live in Drumcondra. I moved here about three years ago. Are you
looking forward to this course?
Breandán: Oh, yes. It’s years since I spoke Irish but I hope it comes back to me after a few classes!
Comhrá / Conversation 1.2
Sorcha arrives at an Irish language organisation in Galway, where’s she
about to have an interview for a job. Or so she thinks!
Emer: Dia duit.
Sorcha: Dia is Muire duit. Is mise Sorcha Ní Laighin.
Emer: Cén chaoi a bhfuil tú? Is mise Emer. Tá sé an-fhuar ar maidin, nach bhfuil?
Sorcha: Tá agus tá sé ag báisteach anois chomh maith.
Emer: Tá an aimsir go dona faoi láthair. An féidir liom cabhrú leat, a Shorcha?
Sorcha: Tá mé anseo don agallamh.
Emer: Don agallamh! Ach níl na hagallaimh ar siúl go dtí maidin amárach.
Sorcha: Dáiríre! Agus tá mise tar éis taisteal as Áth Luain. Bhí mé cinnte go
raibh siad ar siúl inniu!
Emer: Tá brón orm faoi sin. An mbeidh cupán tae agat?
Sorcha: Beidh, go raibh maith agat. Nach mé an t-amadán!
Aistriúchán / Translation
Emer: Hello.
Sorcha: Hello. I’m Sorcha Ní Laighin.
Emer: How are you? I’m Emer. It’s very cold this morning, isn’t it?
Sorcha: Yes and it’s raining now as well.
Emer: The weather is terrible at the moment. Can I help you, Sorcha?
Sorcha: I’m here for the interview.
Emer: For the interview! But the interviews aren’t taking place until tomorrow morning.
Sorcha: Really! And I’ve just travelled from Athlone. I was sure they
were taking place today!
Emer: I’m sorry about that. Will you have a cup of tea?
Sorcha: Yes please. Aren’t I the fool!
Comhrá / Conversation 1.3
Darren is at a party in his new girlfriend Síle’s house and doesn’t know too many people there. Síle introduces him to a few people.
Síle: Seo í Bríd agus seo é David.
Darren: Tá sé go deas bualadh libh.
Síle: Agus seo iad Méabh agus Louise.
Darren: Cén chaoi a bhfuil sibh?
David: Cé as thú féin, a Darren?
Darren: Is as an Uaimh mé ach tá mé i mo chónaí anseo i mBaile Átha Cliath anois le bliain go leith anuas.
David: An maith leat Baile Átha Cliath?
Darren: Is breá liom é. Tá mé i mo chónaí i lár na cathrach, mar sin is féidir liom siúl gach áit. Níl mé ach ceathrú uaire siúil ón obair.
David: Tá sin go hiontach. Caithimse uair go leith ar an mbus gach maidin agus
tráthnóna. Is crá croí é!
Aistriúchán / Translation
Síle: This is Bríd and this is David.
Darren: It’s nice to meet you.
Síle: And this is Méabh and Louise.
Darren: How are you?
David: Where are you from yourself, Darren?
Darren: I’m from Navan but I’ve been living here in Dublin for a year and a half now.
David: Do you like Dublin?
Darren: I love it. I live in city centre, so I can walk everywhere. I’m only a
quarter of an hour’s walk from work.
David: That’s great. I spend an hour and a half on the bus every morning and evening. It’s a real pain!
Gníomhaíocht / Activity 1.1
Try giving the Irish version of the following phrases:
- How are you?
- It’s nice to meet you. (when speaking to one person)
- It’s nice to meet you. (when speaking to more than one person)
- Where are you from?
- I’m originally from Tipperary.
- I live in Dublin.
- I moved here five years ago.
- It’s very cold this morning.
- Will you have a cup of tea?
- Do you like Dublin?
- I love it.
- I live in city centre.
Gníomhaíocht / Activity 1.2
It’s your turn to have a conversation now. Pretend you’re Aoife and that you’re talking to Breandán.
Say: How are you? I’m Aoife. What’s your name?
Breandán: Breandán.
Say: It’s nice to meet you, Breandán.
Breandán: Cé as thú, a Aoife?
Say: From Galway. Where are you from yourself?
Breandán: As Tiobraid Árann ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí i mBaile
Átha Cliath anois le cúig bliana anuas. An bhfuil tusa i do chónaí i
mBaile Átha Cliath tú féin?
Say: Yes. I live in Drumcondra. I moved here about three years ago. Are you looking forward to this course?
Breandán: Ó tá. Tá sé blianta fada ó labhair mé Gaeilge ach tá súil agam go
dtiocfaidh sí ar ais chugam tar éis cúpla rang!
Gníomhaíocht / Activity 1.3
Fill each gap with the appropriate word from the list of words given below.
- Bhog mé ansin timpeall trí (blank) ó shin.
- As Baile Átha Cliath ó (blank) mé.
- Tá mé i mo (blank) i gCorcaigh.
- Tá mé i Sligeach (blank) bliain go leith anuas.
- Seo (blank) Caoimhín agus Doireann.
- Seo (blank) Ciara.
- Tá an aimsir go (blank) le cúpla lá anuas.
- An mbeidh cupán tae (blank) ?
- Is (blank) liom Béal Feirste.
- Caithim uair an chloig ar an mbus gach (blank) agus tráthnóna.
agat iad maidin chónaí dona dhúchas í bliana breá le
Gníomhaíocht / Activity 1.4
Put the words in each sentence in the correct order and add the necessary punctuation.
- How are you? bhfuil tú a chaoi cén
- What’s your name? atá t-ainm cén ort
- It’s nice to meet you, Aoife. go sé Aoife deas leat bualadh tá a
- Do you live in Derry? an chónaí i do nDoire i bhfuil tú
- I moved to Leitrim three years ago. go bhog ó Liatroim bliana mé trí shin
- Are you looking forward to this Irish course? tú Gaeilge an seo gcúrsa bhfuil súil leis ag an
- I was sure they were taking place today! siúl mé go cinnte inniu bhí siad raibh ar
- Do you like Belfast? Béal maith an leat Feirste
- I’m only a quarter of an hour’s walk from work. obair ach mé uaire níl siúil ceathrú ón
- I spend an hour and a half on the bus every morning. leith uair go mbus ar maidin an gach caithimse
Answers to the activities
Gníomhaíocht / Activity 1.1
1. Cén chaoi a bhfuil tú?
2. Tá sé go deas bualadh leat.
3. Tá sé go deas bualadh libh.
4. Cé as thú?
5. As Tiobraid Árann ó dhúchas mé.
6. Tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath.
7. Bhog mé anseo cúig bliana ó shin.
8. Tá sé an-fhuar ar maidin.
9. An mbeidh cupán tae agat?
10. An maith leat Baile Átha Cliath?
11. Is breá liom é.
12. Tá mé i mo chónaí i lár na cathrach
Gníomhaíocht / Activity 1.2
Aoife: Cén chaoi a bhfuil tú? Is mise Aoife. Cén t-ainm atá ortsa?
Breandán: Breandán.
Aoife: Tá sé go deas bualadh leat, a Bhreandáin.
Breandán: Cé as thú, a Aoife?
Aoife: As Gaillimh. Cé as thú féin?
Breandán: As Tiobraid Árann ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí i mBaile
Átha Cliath anois le cúig bliana anuas. An bhfuil tusa i do chónaí i
mBaile Átha Cliath tú féin?
Aoife: Tá. Tá mé i mo chónaí i nDroim Conrach. Bhog mé anseo timpeall trí
bliana ó shin. An bhfuil tú ag súil leis an gcúrsa seo?
Breandán: Ó tá. Tá sé blianta fada ó labhair mé Gaeilge ach tá súil agam go
dtiocfaidh sí ar ais chugam tar éis cúpla rang!
Gníomhaíocht / Activity 1.3
- bliana
- dhúcas
- chonaí
- le
- iad
- í
- dona
- agat
- breá
- maidin
Gníomhaíocht / Activity 1.4
- Cén chaoi a bhfuil tú?
- Cén atá t-ainm ort?
- Tá sé go deas bualadh leat, a Aoife.
- Tá sé go deas bualadh leat, a Aoife.
- Bhog mé go Liatroim trí bliana ó shin.
- An bhfuil tú ag súil leis an gcúrsa Gaeilge seo?
- Bhí mé cinnte go raibh siad ar siúl inniu!
- An maith leat Béal Feirste?
- Níl mé ach ceathrú uaire siúil ón obair.
- Caithimse uair go leith ar an mbus gach maidin.
