Sleachta ón Óráid a thug de Híde don Choiste Gnótha ar an 7ú Meith

Published: 3 July 1913

"...Níor sgriobhas litir riamh go dtí páipéar agus ní’l mé dul ag tosughadh air anois. Nuair bhíonn rud le rádh agam-sa, deirim go puiblidhe, i n-óráid, os cómhair an tsluaigh é. Dá dtiubhrainn freagra ar na rudaibh do bhí insna páipéaraibh (indiú abair, ag Feis na Carraige Duibhe, an áit a raibh mé ag labhairt an tráthnóna so, nó Dia Luain, ag Feis Phádhraig Mhic Phiarais, atá mé dul d’osgailt dó) agus dá ndéarfainn leo an méad atá mé dul a rádh libh-se anois, cad d’fheicfeadh sibh insna páipéaraibh an lá ar n-a mhárach? Cinnlitre mar so:

Sgoilt ins an Gaelic League.
An Cumann mór Gaedhealach briste.
An Craoibhín 'gá fágbháil.
Cia chuirfear in a áit?
Iongantas ar na Gaedhealaibh, áthas ameasg na nGall.

Sin é an sórt rud do léighfeadh sibh an lá ar n-a mhárach, dá ndéarfainn ós árd an rud atá im’ aigne..."

"...Nuair chuireamar Connradh na Gaedhilge ar bun ar dtús, agus ní’l duine insan seomra so anocht do bhí i láthair an uair sin acht mé féin, ba í an chlochbhuin do bhí faoi, Bráithreachas, Carthanas, Cineáltas, Sibhialtacht, Cúirtéiseacht. Níor iarr mise riamh mo bharamhail féin do chur ‘na luidhe ar an gConnradh. Ní raibh fear riamh ann ba lúgha lámh-láidir agus ba lúgha máighistreacht ‘ná mise. Ní raibh mé cosmhail leis an bPáirnéallach, bhí mé isteach ‘s amach ameasg na ndaoine, bhí mé i gcómhnuidhe i n-aice leó agus b’fhorus dul i n-aice liom-sa..."

"...Árduighim mo ghuth go láidir anocht anaghaidh poilitidheachta i gConnradh na Gaedhilge, agus anaghidh na ndroch-rudaí leanas go ró mhinic do’n phoilitidheacht so, mar is léir daoibh féin, anaghaidh cúl-chainte, anaghaidh seirbhe, anaghaidh géire, anaghaidh buirbe, anaghaidh faltanaisí, anaghaidh tnúith, anaghaidh éada, anaghaidh droch-fhola, agus anaghaidh droch-iontaoibhe ar dhaoinibh atá ag déanamh a ndíthchill. Bheirim rabhadh daoibh (rabhadh óm chroidhe amach) anocht – má leantar do phoilitidheacht taobh istigh de’n Chonnradh, agus do mhaslughadh de’n tsort so, go dtiomáinfear amach as an gConnradh na daoine is fearr, duine ar dhuine – go bhfágfaidh siad é mar d’fhág an Dochtúir Ó hIcidhe é agus béidh cead ag an bhfuighleach a rádh ann sin (an rud atá uatha b’éidir) gurab iad-san amháin na fíor-patriots, agus nach bhfuil ins an gcuid eile dínn acht daoine gan mhaith agus lucht beag-is-fiú..."

"...Bhí sean-fhocal ag na Gaedhealaibh fad ó –

'Caith agus cosain mé.'

Tá Connradh na Gaedhilge dam’ chaitheamh go cinnte, idir corp agus inntleacht agus airgead. Acht ní fheicim go bhfuil siad dom’ chosaint. Chonncadar cad tá dul ar aghaidh le tamall anois, agus níor thógadar lámh ná méar ‘na aghaidh.

Ar an ádhbhar sin chaill mé mo chroidhe agus mo mhisneach, agus níor chóir dam-sa ná daoibh-se uachtarán nach bhfuil a chroidhe ins an obair do bheith ins an gcathaoir seo. Ar an ádhbhar sin fágaim an chathaoir seo anois tar éis mé bheith innti ar feadh fichead bliadhan, agus cuirim mé féin fá choimirce an Choiste Gnótha agus na tíre. Fágaim slán agus beannacht agaibh.”

FURTHER READING
Century Ireland

The Century Ireland project is an online historical newspaper that tells the story of the events of Irish life a century ago.