Litir chuig an gCraoibhín Aoibhinn

Published: 26 June 1913

Connradh na Gaedhilge,
Craobh N. Phádruig,
1 Muigh Nuadhad
26 Meith,. ‘13

Do’n “Craoibhín,” .i. Dubhghlas de hÍde,
Uachdarán Chonnartha na Gaedhilge,
1 Plás Phuirt and Iarla,
Bóthar Adelaide,
Áth Cliath.

 

Beatha agus Sláinte!

Atámuíd á chur chuig cisdeoir an Chonnartha beagán airgid ar son na Teangan. Is mian linn é do chur tríot-sa mar dheimhnú go bhfuil ionntaoibh mhór againn asat chun na hoibre so .i. obair na teangan.

Athchuingímíd ort, ar son na Teangan agus ar son na hÉireann féin, gan eirighe as cheannus an Chonnartha.

Iad-so a bhfuil an uisge-fé-thalamh dhá déanamh aca go maithidh Dia dóibh é!

Guidhmid ó chroidhe go dtugaidh Dia sláinte agus saoghal fada fé réim duit; agus ó bhí tú dílis i gcomhnaidhe, agus ó’s deimhin linn go mbeidh tú dílis go bhráthach do chúis na Teangan agus d’Éirinn, beidhmídne dílis duit-se go deire na dála.

Beir buaidh agus beannacht,

 

ó Dhomhnall Ua Buachalla
Ar son na Craoibhe seo

FURTHER READING
Century Ireland

The Century Ireland project is an online historical newspaper that tells the story of the events of Irish life a century ago.