Ceist agus freagra: gunnaí do na hóglaigh

Published: 18 April 1914

Foilsíodh an litir seo a leanas in eagrán An Claidheamh Soluis na seachtaine seo. Is ag lorg comhairle a bhí an scríbhneoir maidir leis an saghas gunna ba cheart do na hóglaigh a cheannach.

‘A chara, 

Dubhairt tú i gClaidheamh na seachtmhaine seo go mba cheart do gach óglách gunna a cheannach. Sin comhairle mhaith acht bud cheart duit inseacht dúinn cia an cineál gunna is fearr le ceannach. Níl aimhreas nach bhfuil a lán cineál gunna ar an margadh agus cuid aca chomh maith leis an gceann eile. Is follusach go mba cheart do gach óglách an cineál céadna gunna a bheith aca, mar ní dhéanfadh sé cúis gan an t-urchar céadna a bheith feilteach do na gunnaí, agus ní mar sin a bhéas más rud é nach é an cineál céadna gunna a bhéas ag gach óglách. Tá daoine ann nach tig leó dul a gleacáideacht leis na curaoí Gaedhealacha, acht budh mhaith leó eolas ar ghunna a bheith aca, agus budh mhaith leo an gunna céadna a bheith aca is atá, nó a bhéas ag na hÓgláigh. B’fhéidir go neósfadh Eóin Mac Néill dúinn, nó tú féin má tá an teolas agat, (1) an sórt gunna is fearr le ceannach, (2) an áit atá sé le ceannach agus, (3) luach an ghunna.

Lios na Mara'

D'fheagair an t-eagarthóir mar seo:

'Sé an Lee Enfield, Mark 3, an gunna is feileamhnaighe agus is fearr. £6 an luach atá air, agus tá sé le fagháil ó’n mBirmingham Small Arms Co. Ní mór do dhuine a thabhairt go hÉirinn go caoicheamhail.’

Century Ireland

The Century Ireland project is an online historical newspaper that tells the story of the events of Irish life a century ago.