|
SONRAÍOCHTAÍ
TEICNIÚLA
Sainmhíniú & Treoirlínte ar Bhranda RTÉ
Réamhrá
Is maoin chumhachtach agus uathúil é a bhranda do RTÉ. Ba chóir go léireofaí branda RTÉ leis an úinéireacht, mórtas agus comhleanúnachas is dual dó.
Tugann na sonraíochtaí teicniúla seo mionchuntas ar na sonraíochtaí teicniúla atá le húsáid i gcás lógónna uile RTÉ. Tá an cháipéis inmheánach, Treoirlínte ar Bhranda RTÉ, ann mar threoirleabhar d’fhoireann RTÉ a bhíonn ag déileáil leis an mbranda agus leis na lógónna.
Chuir Aonad Aithne Corparáide RTÉ (AAC) an cháipéis le chéile i gcomhar leis na Rannáin Gnó Comhtháite (IBDnna).
Príomhphrionsabail
Ní mór cloí go daingean leis na sonraíochtaí teicniúla seo i gcónaí, beag beann ar an gcás nó an duine a bhíonn i gceist.
Beidh an duine ó RTÉ a sholáthróidh na sonraíochtaí teicniúla do thríú páirtí freagrach as a gceartúsáid agus ní mór dul i gcomhairle leis/léi chun ceadú foirmiúil a fháil.
Clúdaíonn
na sonraíochtaí teicniúla sé réimse:
Lógó
RTÉ
Lógónna
seirbhísí éagsúla RTÉ
Lógóchlónna
Fhor-réimsí RTÉ
Lógóchlónna
stíl tí RTÉ
Leagan
amach lógó clár aonair RTÉ le húsáid den scáileán.
Teidil
chreidiúna fráma scoir RTÉ I gcás amhrais
Ghliogáil le hÍoslódáil (PDF)
Bí cinnte iad súid a léamh roimh lógónna
RTÉ a úsáid Sonrai Teicniula.pdf (Irish) 
Teagmhálaí
Aonad Aithne Corparáide RTÉ:
Christina Carey Shaw,
E-mail: christina.careyshaw@rte.ie
Telephone: 01-2083323
Claire Martin,
Ríomhphost: Claire.Martin@rte.ie
Folíne: 01-2084895
Ní
féidir aon chuid den lámhleabhar seo a atáirgeadh nó a tharchur
in aon fhoirm nó in aon tslí nó a stóráil ar chóras aisghabhála
d’aon chineál gan cead roimh ré ó RTÉ.
|