Click here for English Language version >

RTÉ:  Cad a cheapann tusa?

Éilíonn an tAcht Craolacháin 2009 ar RTÉ Ráiteas Seirbhíse Poiblí a ullmhú roimh mí Iúil 2010.  Is é cuspóir an Ráitis Seirbhíse Poiblí sin míniú a thabhairt don phobal trí chéile cad a bhítear ag súil ó RTÉ mar thoradh ar an tacaíocht ollmhór a fhaigheann RTÉ i bhfoirm an táille ceadúnais teilifíse.

Go hachomair, míneofar cuspóir poiblí RTÉ go soiléir sa Ráiteas agus na prionsabail a gcloífear leo agus na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh RTÉ chun an cuspóir poiblí sin a chomhlíonadh.  Athbhreithneofar an Ráiteas gach cúig bliana.

Déanfaidh an Ráiteas Seirbhíse Poiblí athsholáthar ar an gCairt um Chraolachán Seirbhíse Poiblí atá ann cheana féin agus a foilsíodh i mí Iúil 2004.

Tá RTÉ ag lorg tuairimí ón bpobal trí chéile chun eolas a thabhairt don Ráiteas Seirbhíse Poiblí nua.

Chun cuidiú leat d’intinn a dhéanamh suas, tá achoimre thíos d’Airteagal 114 den Acht Craolacháin 2009 ina leagtar amach go hachomair cuspóirí seirbhíse poiblí RTÉ.  Tá sé sin tábhachtach mar socraíonn cuspóirí seirbhíse poiblí RTÉ na paraméadair dlí don Ráiteas Seirbhíse Poiblí.  Tá tuairisc ghonta i ndiaidh na hachoimre de phríomhsheirbhísí RTÉ.

Chun go bhféadfar an méid daoine agus tuairimí agus is féidir a chur san áireamh, tá trí rogha éagsúil curtha ar fáil againn.  Ag brath ar an méid suime atá agat ann agus an t-am a bheidh ar fáil duit chun a bheith rannpháirteach, tá súil againn go mbeidh ceann acu seo oiriúnach duit.  Táimid ag súil go mór do chuid tuairimí a fháil.

 

1. Achoimre ar Airteagal 114 – An tAcht Craolacháin 2009

Ról RTÉ

Éilíonn Airteagal 114 den Acht Craolacháin 2009 nach mór do RTÉ seirbhís craolacháin náisiúnta teilifíse agus raidió a oibriú lena mbaineann carachtar de sheirbhís phoiblí, agus sin a chur ar fáil, an méid agus is féidir go réasúnach, saor go haer don phobal go léir ar oileán na hÉireann agus do phobail Éireannacha thar lear.

Éilítear ar RTÉ freisin seirbhísí láithreáin ghréasáin, teilithéacs agus seirbhísí neamhlíneacha eile de charachtar seirbhíse poiblí a chur ar fáil; cartlanna agus leabharlanna a choimeád agus ceolfhoirne, cóir agus grúpaí oirfide cultúir eile a choinneáil sa tsiúl.  Ina theannta sin, ní mór do RTÉ seirbhísí craolacháin pobail, áitiúla nó réigiúnach a oibriú chomh maith agus is féidir leo sin a dhéanamh go réasúnach.

I gcás éigeandála ollmhór, cuideoidh agus comhoibreoidh RTÉ leis na comhlachtaí poiblí iomchuí chun an t-eolas a scaipeadh ar an bpobal.

Treoirphrionsabail
Agus na cuspóirí sin á gcomhlíonadh ní mór do RTÉ aird a bheith acu ar leasanna agus ar ábhair imní an phobail in iomlán, a bheith aireach ar an ngá atá le tuiscint agus síocháin ar oileán iomlán na hÉireann, a chinntiú go léiríonn na cláir na gnéithe éagsúla i gcultúr mhuintir oileán iomlán na hÉireann agus aird ar leith a thabhairt ar na gnéithe sin a idirdhealaíonn an cultúr sin agus go háirithe an Ghaeilge.
Ní mór do RTÉ seasamh leis na luachanna daonlathacha atá cumhdaithe sa Bhunreacht, go háirithe iad sin a bhaineann leis an tsaoirse is dleacht dóibh chun tuairimí a nochtadh agus aird a thabhairt ar an ngá le foirmliú feasacht phoiblí agus tuiscint ar luachanna agus traidisiúin thíortha eile seachas Éirinn.

 

Cláir agus Gníomhaíochtaí
Ní mór do sheirbhísí RTÉ raon cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a sholáthar a léiríonn éagsúlacht cultúir oileán iomlán na hÉireann agus áirítear leo cláir a chuireann siamsaíocht ar fáil, a chuireann eolas ar fáil agus a dhéanann teagasc, a chlúdaíonn gníomhaíochtaí spóirt, creidimh agus cultúir agus a fhreastalaíonn ar ionchais an phobail in iomlán agus áirítear orthu daoine le leasanna speisialta nó mionlaigh agus, i ngach cás, gur chóir meas a léiriú ar dhínit an duine.  Ní mór do RTÉ éascú nó cuidiú le cur i láthair cultúir chomhaimseartha freisin agus nuálacht agus nithe nua a thriail i gcúrsaí craolacháin, a bheith á spreagadh agus á gcur chun cinn.

Ní mór do RTÉ cláir nuachta agus cúrsaí reatha a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla, lena n-áirítear cláir a léiríonn na himeachtaí a bhíonn ar siúl i dTithe an Oireachtais agus i bParlaimint na hEorpa.

Ar deireadh, toisc gur craoltóir seirbhíse poiblí é RTÉ atá démhaoinithe, agus go mbítear ag brath ar ioncam tráchtála agus ar ioncam ón táille ceadúnais, féadfaidh RTÉ leas a bhaint as deiseanna tráchtála a thagann chun cinn chun na cuspóirí atá léirithe thuas a chomhlíonadh.

Féach ar an láithreán a leanas chun an tAcht Craolacháin 2009 a léamh in iomlán: Cliceáil anseo

 

2. Seirbhísí RTÉ
Tá RTÉ ar an eagraíocht meán is éagsúlaithe in Éirinn, tá dualgais go leor ar RTÉ agus cuireadh níos mó leis na dualgais sin le déanaí chun craolachán teilifíse agus raidió, seirbhísí ar líne agus nuachta, grúpaí oirfide agus líonraí tarchuradóireachta, analógach agus digiteach araon, a sheachadadh

Teilifís: Oibríonn RTÉ dhá chainéal teilifíse saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two agus craoltar raon cuimsitheach clár a dhéantar in Éirinn agus cláir a fhaightear ó thar lear ar an dá chainéal sin thar raon leathan seánraí agus freastalaítear ar lucht féachana ollmhór agus nideoige araon.

Raidió:  Oibríonn Raidió RTÉ ceithre phríomhstáisiún raidió (RTÉ Radio 1, RTÉ 2fm, RTÉ lyric fm agus RTÉ Raidió na Gaeltachta) agus seacht stáisiún dhigiteach in iomlán (RTÉ Radio 1 Xtra, RTÉ Choice, RTÉ Pulse, RTÉ Chill, RTÉ Gold, RTÉ 2XM agus RTÉ Junior).  Tá na príomhstáisiúin ar fáil ar FM, ar raidió digiteach (DAB), ar saitilít, ar fón póca agus ar líne; tá na stáisiúin digiteacha ar fáil ar raidió digiteach agus ar líne.  Tá RTÉ Radio 1 ar fáil freisin ar Fadtonn.  Clúdaíonn Seirbhísí Raidió RTÉ nuacht agus cúrsaí reatha, na healaíona, drámaíocht agus cláir fhaisnéise, siamsaíocht, spórt, ceol ginearálta, ceol clasaiceach agus saincheol, ábhar trí Ghaeilge, cláir saincheol don óige, agus na nithe is fearr a bhíonn ar raidió poiblí idirnáisiúnta.  Oibríonn RTÉ an t-aon stáisiún raidió do leanaí in Éirinn freisin.
Nuacht & Cúrsaí Reatha: Soláthraíonn Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ cláir nuachta agus cúrsaí reatha cuimsitheacha, neamhspleácha agus neamhchlaonta ar an teilifís, ar an raidió, ar líne agus ar an bhfón póca.
Foilsitheoireacht: Tá portfóilió de chúig mórbhranda ag Foilsitheoireacht RTÉ: RTÉ Aertel, the RTÉ Guide, RTE.ie, the RTÉ player agus RTÉ News Now.  Is é RTÉ Aertel seirbhís teilithéacs RTÉ.  Tá The RTÉ Guide ar an iris sheachtainiúil is mó díol in Éirinn go fóill agus áirítear ann liostaí de na cláir a bhíonn le feiceáil ar an teilifís agus gnéithe siamsaíochta agus stíl bheatha.
Soláthraíonn RTE.ie, láithreán gréasáin RTÉ nuacht, cúrsaí reatha agus eolas maidir le cúrsaí siamsaíochta a bhíonn cothrom le dáta; mar aon le raon leathan seirbhísí ar líne gréasánbhunaithe saor in aisce agus rochtain ar chláir agus ar sheirbhísí RTÉ.  Seoladh an RTÉ player, seirbhís ina mbíonn fáil ar chláir theilifíse RTÉ ar an ngréasán i mí Aibreáin 2009.  Forbraíodh agus dearadh an RTÉ player in RTÉ féin agus bíonn an lucht féachana ábalta féachaint ar chláir theilifíse RTÉ ar líne ar feadh 21 lá tar éis iad a bheith craolta.

Grúpaí Oirfide: Tá Grúpaí Oirfide RTÉ comhdhéanta de dhá cheolfhoireann, Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, Ceolfhoireann Choirme RTÉ, dhá chór, Cór Fiolarmónach RTÉ agus Cór na nÓg RTÉ agus bítear ag tabhairt tacaíochta do cheathairéad téadach, Ceathairéad Vanbrugh RTÉ.  Cuireann Grúpaí Oirfide RTÉ raon leathan cur i láthair ar ardchaighdeán ar fáil agus bítear rannpháirteach i raon gníomhaíochtaí pobail agus oideachais.  Ina theannta sin, cuidíonn Grúpaí Oirfide RTÉ le saothair nua a thagann chun cinn trí iad a choimisiúnú agus a chur i láthair den chéad uair mar aon le saothair de chuid chumadóirí aitheanta.

Líonra: Soláthraíonn RTÉNL líonra tarchuir analógach náisiúnta do Raidió agus Teilifís RTÉ agus do chraoltóirí eile náisiúnta agus áitiúla agus coimeádtar trealamh do theileachumarsáid agus do sholáthróirí seirbhíse eile freisin.  Tá RTÉNL ag tógáil infrastruchtúr tarchuir náisiúnta faoi láthair Teilifís Trastíre Dhigiteach (DTT) chun go mbeifear ullamh nuair a thabharfar isteach an tseirbhís DTT in 2010.

Chun tuilleadh mionsonraí a fháil maidir le seirbhísí RTÉ féach ar www.rte.ie le do thoil.



3. Roghanna Rannpháirtíochta

Toisc gur próiseas comhairliúcháin poiblí atá anseo agus ar mhaithe le bheith oscailte agus trédhearcach, éilíonn RTÉ gur chóir do dhaoine aonair mionsonraí déimeagrafacha bunúsacha a chur san áireamh ionas go bhféadfar na freagraí a chur i ngrúpaí le daoine cosúla.

Más amhlaidh go bhfuil tú ag déanamh ionadaíochta thar ceann eagraíochta nó grúpa leasa speisialta ba chóir duit ainm agus mionsonraí teagmhála a chur san áireamh ionas go bhféadfaidh RTÉ dul i dteagmháil leat más amhlaidh go mbeidh aon soiléireacht ag teastáil maidir le do chuid tuairimí.  Sa bhreis air sin, agus arís ar mhaithe le bheith oscailte agus trédhearcach, samhlaítear in RTÉ go bhféadfaí na tuairimí a gheofar a chur san fhearann poiblí chun go bhféadfaidh tríú páirtithe iad a athbhreithniú.

Rogha a hAon
Is ceistiúchán gearr é seo atá comhdhéanta de shraith ceisteanna ilroghnacha agus tá sé seo dírithe ar dhaoine nach bhfuil mórán ama acu a bheith rannpháirteach sa chomhairliúchán.  Is féidir leat an méid ceisteanna agus is mian leat féin a fhreagairt. (Achar thart ar 5-10 Nóiméad)

Cliceáil anseo do Rogha a hAon >

Rogha a Dó
Is ceistiúchán níos leithne é Rogha Dó.  Tá na ceisteanna níos oscailte agus táthar leagtha amach mar sin chun níos mó saoirse a thabhairt duitse insint dúinn cad a cheapann tusa ba chóir do RTÉ a dhéanamh agus na prionsabail ba chóir a leanúint.  Nílimid ag súil go mbeadh tú ag iarraidh na ceisteanna ar fad ansin a fhreagairt ach tabhair do chuid tuairimí ar an méid de na hábhair is mian leat. (Achar thart ar 20+ Nóiméad)

Cliceáil anseo do Rogha a Dó >

Rogha a Trí
Mura bhfuil aon cheann de na cur chuigí thuas oiriúnach duit, úsáid rogha a trí le do thoil chun aghaidh a thabhairt ar aon ábhar a cheapann tusa a bheadh oiriúnach do chuspóir an chomhairliúcháin seo.

Cliceáil anseo do Rogha a Trí >

Is féidir leat d’aighneacht a sheoladh ar ríomhphost freisin chuig yourviews@rte.ie nó é a sheoladh sa phost chuig:

Comhairliúchán maidir leis an Ráiteas Seirbhíse Poiblí
Cumarsáid Corporáide
2ú Urlar Foirgneamh Riaracháin
RTÉ
Domhnach Broc
Baile Átha Cliath 4