Freastal ar ár Lucht Féachana/Éisteachta
Saoráil Faisnéise
Treoir don Phobal faoi Struchtúir agus Thaifid RTÉ
Is de réir cheanglais an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997, (Acht FOI) a fhoilsítear an treoir seo maidir le RTÉ agus a pholasaithe. Tháinig RTÉ faoin Acht um Shaoráil Faisnéise i mBealtaine 2000. Ceanglaíonn Alt 15 ar gach comhlacht poiblí treoir maidir lena struchtúr, a chuid feidhmeanna agus a sheirbhísí a fhoilsiú. Faoi Alt 16 den Acht ní mór do gach comhlacht poiblí na nósanna imeachta agus na cleachtais faoina ndéanann sé cinntí a fhoilsiú.
Déantar páirtmhaoiniú ar RTÉ le hairgead poiblí ón táille ceadúnais agus creidimidne gur chóir polasaithe agus oibríochtaí RTÉ a bheith ar fáil lena scrúdú go poiblí agus gur léiriú go bhfuil teacht ag an bpobal ar ár dtaifid go gcomhlíonaimid an fhreagracht seirbhíse poiblí atá orainn go consiasach agus go hionraic.
Cá ndéanfaidh mé iarratas?
An Oifig um Shaoráil Faisnéise, RTÉ, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4
Cé chomh fada siar a fhéadfaidh mé dul?
Go ginearálta, taifid ó Aibreán 1998 amháin a bhaineann. Níl aon teorainn ama ar thaifid pearsanta.
Conas a oibríonn sé?
€15 (€10 ar shealbhóirí cárta leighis) a chosnaíonn iarratas de ghnáth. Ní bhíonn aon táille i gceist más iarratas ar thaifid phearsanta atá i gceist.
Cad nach mbíonn san áireamh?
Níl cead taifid faoi rún iriseoireachta ná taifid atá íogaireach ar bhonn tráchtála, ná pearsanta a roinnt. Níl nótaí tuairisceoirí ná ráitis nach raibh ar an taifead, cibé an craoladh iad nó nach craoladh, san áireamh. Níl athbhreithnithe inmheánacha RTÉ ná anailís ar chláir craolacháin san áireamh ach oiread.
Saoráil Faisnéise - Treoir don Phobal faoi Struchtúir agus Thaifid RTÉ Cliceáil anseo chun PDF a íoslódáil
Déan teagmháil linn le do thoil má bhíonn aon chúnamh eile uait.
Anne O'Connor
An Oifig um Shaoráil Faisnéise
RTÉ
Domhnach Broc
Baile Átha Cliath 4.
Teileafón: 01 208 3122
Faics: 01 208 3483
Ríomhphost: foi@rte.ie