Freastal ar ár Lucht Féachana/Éisteachta
Saorview
Seirbhís teilifíse digití trastíre (DTT)
Is éard atá i SAORVIEW an chéad tseirbhís teilifíse digití saor in aisce in Éirinn.
Faoin tseirbhís gheobhaidh tú na cainéil Éireannacha ar fad is fearr leat, pictiúir thar a bheith soiléir, fuaim ar chaighdeán níos airde, liosta clár ar an scáileán agus teilitéacs digiteach – saor in aisce.
Is seirbhís teilifíse digití trastíre (DTT) é SAORVIEW, rud a chiallaíonn go gcraoltar an comhartha ó chrainn tarchuir ar fud na tíre agus go bhfaightear é trí ghnáth-aeróg teilifíse i gcomhar le bosca díchódaithe nó le teilifíseán digiteach comhtháite nua (iDTV).
Tá SAORVIEW faoi úinéireacht agus á bhainistiú ag RTÉ. Iompróidh sé cainéil agus seirbhísí RTÉ chomh maith le cainéil agus seirbhísí nach le RTÉ iad. RTÉNL (fochuideachta faoi lánúinéireacht RTÉ) a thóg agus a oibríonn an t-infrastruchtúr atá riachtanach leis an tseirbhís SAORVIEW a tharchur.