Freastal ar ár Lucht Féachana/Éisteachta
Seirbhísí Idirghníomhacha ar RTÉ
Ceisteanna Coitanta
Cad is Seirbhís Ardráta ann?
Cuireann cuideachtaí seirbhísí ardráta ar fáil ar uimhreacha teileafóin ardráta. Is féidir na seirbhísí seo a aithint óna bhfo-uimhreacha uathúla m.sh. 1513, 1515, 1516 srl. Tá seirbhísí SMS ardráta ann freisin (ar a dtugtar PSMS) ar féidir iad a aithint ón gcód gearr 5-digit ag tosú leis an uimhir 5 m.sh 53XXX, 57XXX srl.
Cosnaíonn glaonna agus téacsanna chuig seirbhísí ardráta níos mó ná gnáthghlaonna teilefóin nó gnáth-theachtaireachtaí téacs agus bíonn costas faoi leith ag gach fo-uimhir/cód gearr. Cosnóidh sé níos mó glaoch a chur ar uimhir theileafóin ardráta ó d’fhón póca, de ghnáth, agus athróidh an formhuirear ag brath ar an oibreoir líonra fóin phóca. D’fhéadfadh go bhfuil costas éagsúil ag baint le glaonna a dhéantar trí oibreoirí línte talún. Cuirtear muirir ghlaonna ardráta ar bhillí chuntais teileafóin na dtomhaltóirí agus cuirtear i liostáil faoi leith iad, de ghnáth.
Níor chóir seirbhísí SMS ardráta a mheascadh suas le cóid ghearra a thosaíonn leis na digití ‘51’ lena mbaineann costas ag an ngnáthráta teachtaireachta agus ní ag an ardráta. Ba chóir a thabhairt ar aird freisin gur uimhreacha íos-ghlao iad uimhreacha teilefóin leis an bhfo-uimhir 1850 (lena mbaineann costas ag an ráta áitiúil, ní ag an ardráta). Féach tábla na gcostas thíos chun tuilleadh eolais a fháil.
An reáchtálann RTÉ Seirbhísí Ardráta?
Reáchtálann RTÉ roinnt seirbhísí ardráta feadh a rannáin raidió, teilifíse agus digiteach.
Ba chóir a aithint, áfach, nach seirbhísí de chuid RTÉ iad na seirbhísí ardráta go léir a fhógraítear ar RTÉ. Féadfaidh soláthróirí seirbhísí ardráta spás tráchtála a cheannach chun seirbhísí ardráta a fhógairt, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann a bhfógraí na riachtanais dhlíthiúla agus rialála go léir.
Cá mhéad a chosnaíonn na seirbhísí sin?
Tá raon costais ag baint le seirbhísí ardráta. Braitheann praghas na seirbhíse ar an bhfo-uimhir nó an cód gearr 5-digit a bhaineann leis an tseirbhís. Éilíonn na rialacháin a rialaíonn seirbhísí ardráta go gcuirfí costais seirbhísí in iúl go soiléir agus seirbhís ardráta á cur chun cinn.
Seo a leanas na fo-uimhreacha agus na cóid ghearra gnáthráta, ráta íos-ghlao agus ardráta is coitianta a úsáideann RTÉ:
| Poblacht na hÉireann | ||
|---|---|---|
|
Fo-uimhir theileafóin |
Cód Gearr 5 Digit |
Taraif |
|
50308 |
Téacs saor in aisce 0 cent in aghaidh gach teachtaireacht a sheoltar |
|
| 1850 | Cosnaíonn glaonna 6.68c (CBL san áireamh) | |
| 53555 | 25c (CBL san áireamh) in aghaidh gach teachtaireacht a sheoltar | |
|
53101
|
50c (CBL san áireamh) in aghaidh gach teachtaireacht a sheoltar |
|
| 1513 | 61c (CBL san áireamh) | |
| 53125 | 60c (CBL san áireamh) in aghaidh gach teachtaireacht a sheoltar | |
| 1515 |
€1.02 (CBL san áireamh) in aghaidh gach glao ó eircom |
|
|
57111/57003 |
€1 in aghaidh gach teachtaireacht a sheoltar
|
|
| 57117/57001 | €1.50 in aghaidh gach teachtaireacht a sheoltar | |
| 1516 |
|
€1.52 (CBL san áireamh)in aghaidh gach glao ó eircom
|
|
51551 |
gnáthráta teachtaireachta* |
|
|
51552 |
gnáthráta teachtaireachta* |
|
|
51553 |
gnáthráta teachtaireachta* |
|
|
51554 |
gnáthráta teachtaireachta* |
|
|
Tuaisceart Éireann |
||
|
Fo-uimhir theileafóin |
Cód Gearr 5 Digit |
Taraif |
|
0800 |
Saorfón |
|
|
0845 |
Ráta áitiúil | |
| 0901 | 25p, 50p nó 60p nó €1 in aghaidh gach glao ó BT** | |
| 0904 |
|
£1.23 ó líne talún BT
|
| 87103 | 25p in aghaidh gach teachtaireacht a fhaightear nó gnáthráta teachtaireachta *** | |
| 80889 | 50p in aghaidh gach teachtaireacht a fhaightear nó gnáthráta teachtaireachta *** | |
|
53125
|
60p in aghaidh gach teachtaireacht a sheoltar
|
|
| 57111 | £1 in aghaidh gach teachtaireacht a sheoltar | |
| 57001 | £1.20 in aghaidh gach teachtaireacht a sheoltar |
*Braitheann ‘gnáthráta teachtaireachta’ ar oibreoir fóin phóca an úsáideora agus ar an bpraghasphlean áirithe lena bhfuil siad ceangailte. Téigh i dteagmháil le d’oibreoir fóin phóca chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an ngnáthráta teachtaireachta.
**Ní mar is ionann le Poblacht na hÉireann, braitheann costais ghlaonna Tuaisceart Éireann ar an uimhir iomlán seachas ar fho-uimhir. Le haghaidh mionsonraí praghais cruinne a fháil tabhair cuairt ar Phonepay Plus agus cuir isteach an uimhir iomlán chun mionsonraí taraife a fháil.
***Bíonn costas 25p ar gach teachtaireacht a fhaightear i gcás tomhaltóirí a sheolann téacs chuig 87103. I gcás mura bhfaightear teachtaireacht ar ais bíonn costas gnáthráta teachtaireachta ag baint leis.
***Bíonn costas 50p ar gach teachtaireacht a fhaightear i gcás tomhaltóirí a sheolann téacs chuig 80889. I gcás mura bhfaightear teachtaireacht ar ais (m.sh. rochtain Thuaisceart Éireann ar línte tuairimí raidió RTÉ) bíonn costas gnáthráta teachtaireachta ag baint leis.
Tabhair ar aird le do thoil: Bíonn costas níos airde ar ghlaonna ó fhóin phóca chuig uimhreacha teileafóin ardráta, de ghnáth agus d’fhéadfadh go bhfuil costas éagsúil ag baint le glaonna a dhéantar trí oibreoirí línte talún, seachas Eircom. Is é is cúis leis sin go gcuireann oibreoirí fóin phóca táille breise leis, táille a athraíonn le gach oibreoir líonra fóin phóca. Níl smacht ag RTÉ air sin.
Cad a tharlaíonn don airgead a dhéantar ó ghlaonna agus téacsanna ardráta?
Roinntear ioncam ó ghlaonna agus téacsanna ardráta idir roinnt páirtithe. Tá CBL, atá ag 23% faoi láthair, san áireamh i gcostas na seirbhíse a chuirtear chun cinn. Maoinítear an rialtóir ardráta trí thobhach ar ioncam ó ghlaonna agus téacsanna, atá san áireamh i gcostas an ghlao/téacs. Roinntear an fuíollach idir an oibreoir líonra, an soláthróir seirbhíse agus daoine eile a chuireann le soláthar na seirbhíse.
Is eagraíocht neamhbhrabúis é RTÉ agus déantar aon ioncam a ghintear ó ghlaonna agus téacsanna ardráta a ath-infheistiú chun seirbhís ardchaighdeán a sholáthar dá lucht éisteachta agus féachana.
An ngearrfar táille ar ghlaonna a dhéanfaidh mé fiú má bhíonn an líne dúnta?
De bharr nádúr na gcóras ardráta a úsáidtear d’idirbhearta teileafóin agus téacs, gearrfar táille ar ghlaonna agus téacsanna a dhéanfar roimh an am dúnta a fhógrófar nó ina dhiaidh sin. Déanann RTÉ gach beart is féidir chun an lucht féachana a chur ar an eolas faoi na hamanna a osclaíonn agus a dhúnann na línte lena chinntiú nach ndéanfar glaonna den sórt sin.
An gcuirfear eolas fúm ar aghaidh chuig aon tríú páirtí?
Ní chuirfear. Tá RTÉ agus a soláthróirí seirbhíse is fearr faoi cheangal ag an Acht um Chosaint Sonraí, nach gceadaíonn d’aon chuid den eolas a fhaighimid trínár seirbhísí a chur ar aghaidh chuig aon tríú páirtí.
Tá teachtaireachtaí téacs gan iarraidh á bhfáil agam. An mar gheall ar úsáid sheirbhís ardráta RTÉ atá sin ag tarlú?
NÍ oibríonn RTÉ seirbhísí síntiúis. Ní choimeádann RTÉ sonraí faoi rannpháirtithe óna chomórtais nó óna sheirbhísí idirghníomhacha eile le cumarsáid a dhéanamh sa todhchaí. Go ginearálta, nuair a ghlacann daoine páirt i seirbhís idirghníomhach de chuid RTÉ, ní bhfaighidh siad ach téacs amháin mar fhreagra ar a dteachtaireacht, rud a aithníonn go bhfuarthas a dtuairim, iontráil chuig comórtas nó vóta. Ní ghearrtar aon táille ar an aitheantas sin.
Tá RTÉ agus a soláthróirí seirbhíse coitianta faoi cheangal ag an Acht um Chosaint Sonraí, nach gceadaíonn d’aon chuid den eolas a fhaighimid trínár seirbhísí a chur ar aghaidh chuig aon tríú páirtí.
Lena fháil amach cén chaoi ar cláraíodh tú le seirbhís síntiúis tríú páirtí nó bunachar sonraí margaíochta, ba chóir duit dul i dteagmháil le d’oibreoir fóin phóca nó le rialtóir an tionscail, Comreg.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comreg ag Íos-ghlao 1890 229 668 nó tabhair cuairt ar www.askcomreg.ie
Faoin gCód Cleachtais reatha, is féidir le daoine díliostáil de sheirbhísí ach freagra a thabhairt ar an téacsteachtaireacht gan iarraidh leis an bhfocal STOP.
Cé leis a rachaidh mé i dteagmháil má bhím ag iarraidh gearán a dhéanamh?
Is féidir gearáin maidir le seirbhísí idirghníomhacha nó ardráta de chuid RTÉ a sheoladh chuig:
Idirghníomhacht Clár & Comórtais RTÉ
1ú Urlár, Foirgneamh na Leabharlainne
RTÉ
Domhnach Broc
Baile Átha Cliath 4
Ríomhphost: interaction@rte.ie
Chun gearán a dhéanamh faoi sheirbhís ardráta tríú páirtí ba chóir duit dul i dteagmháil le rialtóir an tionscail, Comreg.
Is féidir dul i dteagmháil le Comreg ar
Íos-ghlao 1890 229 668 nó tabhair cuairt ar Comreg
Cé hiad na soláthróirí seirbhíse is fearr le RTÉ?
Úsáideann RTÉ na soláthróirí seirbhíse seo a leanas:
Xiam Interactive
Teil.: (01) 4832010
Phonovation
Teil: 0818 217 100