Freastal ar ár Lucht Féachana/Éisteachta
Rochtain/Fotheidil
Cad is fotheidealú ann?
Déanann fotheidealú an chaint a aistriú chuig téacs nó script a fheictear ag bun an scáileáin, ag luas an chláir nó an scannáin.
Conas is féidir teacht ar chláir le fotheidil?
- Roghnaigh an clár is mian leat a fheiceáil ar do theilifís.
- Brúigh an cnaipe téacs ar do chianrialtán.
- Cuir isteach an uimhir trí dhigit 888. Má tá fotheidil leis an gclár sin, tiocfaidh siad aníos ar an scáileán láithreach.
- Chun filleadh ar Theilifís RTÉ gan fotheidil – brú an cnaipe TV.
Faoi Sheirbhís Fotheidealaithe RTÉ
Cuireann RTÉ seirbhís fotheidealaithe gan sárú ar fáil do lucht féachana teilifíse na hÉireann. I rith buaic-ama, 6.30pm go 11.30pm, cuireann RTÉ fotheidil ar suas le 90% de na cláir ar RTÉ One agus suas le 60% de na cláir ar RTÉ Two. Chun rochtain a dhéanamh ar fhotheidil ar RTÉ ní mór go mbeadh saoráid teilitéacs ar do theilifís. Déantar rochtain ar fhotheidil trí RTÉ Aertel leathanach 888. (Féach céimeanna 1-4).
Déan teagmháil linn
Mar chraoltóir seirbhíse poiblí na hÉireann, tá RTÉ bródúil as a sheirbhís fotheidealaithe a uasghradú agus a thabhairt chun feabhais i gcónaí. Coinníonn RTÉ i dteagmháil leis an lucht féachana bodhar agus leo sin a mbíonn deacrachtaí éisteachta acu ionas gur féidir a dtuairimí a bhreithniú agus a chur i bhfeidhm, más féidir.
Déan teagmháil linn le do thoil ag:
Fotheidealú RTÉ
Stage 7
RTÉ
Domhnach Broc,
Baile Átha Cliath 4
Ríomhphost: subtitle@rte.ie
Le tuilleadh eolais maidir le inrochtaineacht teilifíse agus faoin gcaoi a rachaidh an t-athrú go dtí digiteach i bhfeidhm ortsa, tabhair cuairt ar www.tvaccess.ie
Fadhbanna Fotheidil agat?
An chéad uair eile a bheidh fadhbanna fotheidil agat agus tú ag féachaint ar RTÉ One nó ar RTÉ Two
Seol téacs chuig RTÉ ag 087 7989128
Caithfidh an t-eolas seo a leanas a bheith sa téacs:
Cén cainéal lena mbaineann na deacrachtaí? (RTÉ One nó ar RTÉ Two)
- Cad í an fhadhb atá agat?
- Cén dáta a bhí ann?
- Cén t-am a thosaigh an fhadhb?
- Cad is ainm don chlár?
- Cén ceantar a bhfuil cónaí ortsa ann?
- Cén t-iompróir a úsáideann tú? (Saitilíte/Cábla)
Seo thíos téacsteachtaireacht shamplach:
RTÉ One, "Níl na fotheidil ar an scáileán", 4 Bealtaine 2010, 2.09pm, Nuacht, Cónaím i mBaile Átha Cliath 24 agus úsáidim Sky