Preas Eisiúintí

Ailbhe ó Monacháin ina iriseoi Réigiúnach San Iarthuaisceart

Ailbhe ó Monacháin ina iriseoi Réigiúnach San Iarthuaisceart

Ag Nuacht RTÉ/TG4

Ailbhe Ó Monacháin atá ceaptha mar iriseoir réigiúnach ag Nuacht RTÉ san iarthuaisceart. Beidh sé lonnaithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.

Bhí Ailbhe ar dhuine de láithreoirí bunaidh TG4 i 1996, agus ceapadh ar fhoireann Nuacht RTÉ/TG4 i 1998 é, mar iriseoir ar dtús agus ina léitheoir nuachta agus eagarthóir ina dhiaidh sin.

Chomh maith le mórscéalta sa bhaile agus thar lear a chlúdach, d’oibrigh sé ar chláir faisnéise Nuacht do TG4, agus mar aistritheoir agus reacaire ar an tsraith ‘Séideán Staire’ ar TG4. D’fhill sé ar an iriseoireacht i réigiún an iarthair i 2014.

Agus é ag caint faoina cheapúcháin dúirt Ailbhe “Tá lúcháir orm an deis a fháil dul ag obair i mo cheantar dúchais féin, agus an taithí leathan oibre atá agam a chur chun leasa mo phoist nua san Iarthuaisceart”

I mBéal Feirste a rugadh Ailbhe ach ar an Ard Donn i nGaoth Dobhair a tógadh é. Céimí de chuid Ollscoile na hÉireann, Gaillimh sna nua-theangacha é chomh maith.

Gach rath air ina phost nua.

Bíonn clár ag Nuacht gach lá ar 5.00pm ar RTÉ News Now,  5.40pm ar RTÉ One, agus 7.00pm on TG4.

www.rte.ie/about/ie