Preas Eisiúintí

RTÉ páirteach i Seachtain na Gaeilge 2015

25 Feabhra 2015: Beidh féiríní ag RTÉ dá lucht féachana agus éisteachta le linn Sheachtain na Gaeilge, le réimse nua ábhar ar an teilifís, ar raidió, ar líne agus ar fhearais soghluaiste le príomhfhéile Gaeilge agus cultúir na hÉireann a cheiliúradh.

Deir Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ: "Beidh neart Gaeilge ar RTÉ ón 1ú Márta.  Taispeánfar  Inis Spraoi, sraith nua beochana i nGaeilge, ar RTÉjr;  athróidh 2fm teanga uilig agus ón 1ú Márta is i nGaeilge a bheidh go leor de na blúiríní agus na gligíní i gcaitheamh na seachtaine.   Cuirfidh Bláthnaid Ní Chofaigh sraith nua i láthair ar Raidió na Gaeltachta a bheidh dírithe ar dhaltaí na hArdteistiméireachta a bheidh ag réiteach don Bhéaltriail. Craolfar cúig chlár nua Gaeilge ar RTÉ One. Féadfaidh an lucht féachana eolas a fháil ar chláracha eile a bheidh á gcraoladh amach anseo chomh maith le rud ar bith a chaill siad ach @rte ar Twitter a leanúint."

RTÉ One

Déanfaidh RTÉ One ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge le cúig chlár nua Gaeilge. Cuirfear tús le sraith trí chlár, Gliondar, an 2 Márta.   Sraith clár faoin tsuim as cuimse a chuireann daoine in ábhair spéise éagsúla - mná ag crochadh meáchain, daoine ar suim leo carranna den seanré nó lucht coinneála beach. Féachfaidh Cloch le Carn, sraith dhá chlár,  ar shaol agus ar shaothar Jackie Healy Rae agus an Dr Ian Paisley.

Beidh míreanna Gaeilge ar The Works, Nationwide agus ar an Today Show le linn Sheachtain na Gaeilge.  Beidh neart spraoi i nGaeilge freisin ag paráid na Féile Pádraig agus Bláthnaid Ní Chofaigh ar dhuine de chomhláithreoirí na Féile.

Mar is gnáth, beidh neart Gaeilge le cloisteáil ó RTÉ le linn Sheachtain na Gaeilge ón leanúnachas go dtí An Nuacht agus An Aimsir. Beidh fócas ar leith ar an nGaeilge ar an Six One ar RTÉ One Lá Fhéile Pádraig idir an cur i láthair agus pacáistí nuachta.

RTÉjr

Cuirfidh leanaí spéis i Seán, Róisín agus a gcuid comrádaithe ranga a rachaidh ar an mbád scoile chuig an scoil spraoi ar oileán draíochta Inis Spraoi. Beidh Reuben agus Bó i Postroom RTÉjr iad féin ag cleachtadh a gcúpla focal ar feadh na coicíse roimh Lá Fhéile Pádraig. I nGaeilge freisin a bheidh Muc Twigín ag tabhairt faoi eachtraí. Beidh méadú mór ar ábhar Gaeilge eile freisin ar RTÉjr le linn Sheachtain an Gaeilge le Joe & Jack agus an mhír Tell Me a Story. 

RTÉ2

Seolfaidh Two Tube ar RTÉ 2 gluais de ráitis Ghaeilge don idirlíon agus tabharfaidh leaganacha Gaeilge de leithéid  “omg”, “lol” agus neart eile. Léireoidh an seó freisin gearrdhráma a mbeidh na láithreoirí Bláthnaid Treacy agus Stephen Byrne sna príomhpháirteanna. I gcomórtas speisialta Two Tube, iarrfar ar an lucht féachana amhrán pop a thomhas ó na liricí a bheidh aistrithe go Gaeilge. Idir an dá linn, tabharfaidh Sally cuireadh don ghrúpa ceoil Seo Linn isteach i stiúideo Swipe TV.

RTÉ 2fm

Beidh neart Gaeilge ar RTÉ 2fm ón 1 Márta agus na blúiríní agus na gligíní ar fad á gcraoladh i nGaeilge i gcaitheamh Sheachtain na Gaeilge. Chomh maith le níos mó Gaeilge a bheith ar an aer i gcaitheamh na seachtaine, craolfaidh RTÉ 2fm seó gach oíche i rith Sheachtain an Gaeilge agus Eoghan McDermott sa suíochán te.  

RTÉ Raidió 1

Seachtain dhrámatúil a bheidh i Seachtain na Gaeilge ar RTÉ Raidió 1.  Líon mo Bhearna an Drama on One an 15 Márta. Cóiriú é an dráma ar an dráma Tick My Box a bhuaigh gradam ag an Dublin Fringe Festival.   I measc na n-aisteoirí beidh Emer O'Carroll agus Sorcha Fox.   Dráma duairc ach barrúil atá i Líon mo Bhearna faoi chúirtéireacht ghasta arna léiriú ag Splódar, an Compántas Amharclannaíochta as Liatroim.

Uaigheanna agus Scéalta Eile le Daithí Ó Muirí an leabhar a bheidh faoi chaibidil ar The Book on One an tseachtain an 2 Márta agus stair na Gaeilge a phléifear ar The History Show. Beidh míreanna Gaeilge freisin ar Sunday Miscellany.

Ar sheónna mar Today with Sean O'Rourke pléifear cúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cuirfear na cláracha ceoil The South Wind Blows agus The Rolling Wave i láthair go dátheangach. Cuirfidh lucht leanúnachais agus láithreoirí míreanna i láthair i nGaeilge freisin i gcaitheamh na seachtaine.

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Is Seachtain na Gaeilge í chuile sheachtain ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ach i mbliana déanfar comóradh ar SnaG ar stáisiún raidió Gaeilge náisiúnta na hÉireann le sraith nua a bheidh dírithe ar dhaltaí a bheidh ag réiteach do scrúdú na hArdteistiméireachta. Sraith 6 chlár atá i Gaeilge na hArdteiste á chur i láthair ag Bláthnaid Ní Chofaigh ón Domhnach 1 Márta agus clúdófar gach gné de scrúdú na hArdteistiméireachta. Díreoidh an chéad trí chlár go sonrach ar an mBéaltriail agus cuirfear comhairle ar fáil ó mhúinteoirí Gaeilge cáilithe. Bainfidh an trí chlár eile le filíocht, prós, an aiste agus cluastuiscint. Cuirfear comhairle freisin ar dhaltaí faoi fholláine intinne agus coirp le linn na scrúduithe. Craolfar na cláracha leathuaire gach oíche ón 8.30pm go 9.00pm go dtí Dé hAoine an 6 Márta agus beidh siad ar fáil le híoslódáil.

Tabharfaidh clár irise Chúige Mumhan An Saol ó Dheas aghaidh ar Chorcaigh agus ar Luimneach agus beidh Barrscéalta Dhún na nGall i gCill Charthaigh in iardheisceart an chontae. Beidh Iris Aniar ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge beo as Cathair na Gaillimhe agus rachaidh Nuacht a hAon go Teach Laighean do Lá na Gaeilge sa Dáil. Beidh chuile eolas freisin ag Rónán Mac Aodha Bhuí ar an nuacht is déanaí le linn Sheachtain an Gaeilge.

RTÉ lyric fm

Beidh seanfhocail go leor ag Evelyn Cockburn agus Peter Browne d'éisteoirí RTÉ lyric fm le linn na seachtaine. Déanfaidh John Kelly é féin ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge ar a chlár The John Kelly Ensemble an 11 Márta agus beidh amhráin aige ó Dharach Ó Catháin, Kate Bush agus ó Sheosamh Ó hÉanaí ar a chlár. Beidh an t-amhránaí ó The Gloaming Iarla Ó Lionáird agus The Crash Ensemble ag Donncha Dennehy ar Grá agus Bás. 

Ar Movies & Musicals Dé Sathairn an 14 Márta féachfaidh Aedín Gormley ar scannáin Ghaeilge, Mise Éire ina measc.

RTÉ Pulse

Beidh The Cosmo, clár RTÉ do lucht leisbiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach dátheangach le linn Sheachtain na Gaeilge.  Labhróidh Scott De Buitléir le Maria Ní Fhlatharta ó ShoutOut Galway faoi bhulaíocht homafóbach i scoileanna.  Beidh Scott agus Jenny ag plámásaíocht i nGaeilge agus cuirfidh Colin Fallesen an nuacht LGBT is déanaí i láthair as Londain.

RTÉ.ie / RTÉ Player / Cartlanna RTÉ

Reáchtálfaidh RTÉ mol ar leith Gaeilge ar a mbeidh cláracha ó RTÉ One agus RTÉ2 agus rogha cláracha ó Gliondar, Cloch le Carn, Abhainn and Scannal. Ar Chartlanna RTÉ sa mhír Cartlann an Lae beidh ábhar a bhaineann leis an nGaeilge le linn na seachtaine.

Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ

Beidh máistir na píbe uilleann Liam O'Flynn i dteannta Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ agus cairde eile Lá Fhéile Pádraig sa Cheoláras Náisiúnta do cheolchoirm lena shaol agus a chuid ceoil le seachtó bliain a cheiliúradh. David Brophy a chuirfidh an ócáid i láthair chomh maith lena stiúradh. In ómós na hócáide cuirfidh The Rolling Wave ar RTÉ Raidió 1 dhá chlár i láthair (Dé Domhnaigh 8 agus 15 Márta) ag 10 pm ar a mbeidh an chuid is fearr de cheol Liam i gcaitheamh a shaoil ceoil. Athchraolfar na cláracha seo ar RTÉ lyric fm Dé Luain an 9 agus 16 Márta ag 7 pm.

www.rte.ie/about/ie