Polasaithe & Treoirlínte
Polasaí RTÉ i leith na Gaeilge
Síneadh ama curtha leis an spriocdháta
Tá RTÉ ag dréachtadh polasaí i leith na Gaeilge. Cheana féin, tá tuairisc neamhspleách, a choimisiúnaigh RTÉ curtha i gcrích ag Stillwater Communications. Beidh an tuairisc seo á scrúdú ag Grúpa Oibre ar Pholasaí RTÉ i leith na Gaeilge. Anois ba mhaith le RTÉ cloisteáil uaitse.
Beidh an Grúpa Oibre ag meas cén chaoi ar féidir le RTÉ an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní reatha i leith na Gaeilge chun freastal ar an iliomad daoine ar spéis leo na meáin Ghaeilge.
Cén cinéail méain Ghaeilge a theastaíonn uaitse ar RTÉ?
Féadfaidh tú labhairt faoi na meáin Ghaeilge i gcoitinne ag teanga@rte.ie nó sa phost chuig:
Polasaí Gaeilge do RTÉ
2ú Urlár, An tIonad Corparáide
RTÉ
Baile Átha Cliath 4
Beidh do chuid tuairimí á gcur san áireamh ag an nGrúpa Oibre agus iad ag cur an pholasaí le chéile.
Is é Dé hAoine an 21 Nollaig an dáta deireanach nua le scríobh chuig an seoladh thuas. Foilseofar tuairisc an Ghrúpa Oibre go luath san athbhliain 2013.