Polasaithe & Treoirlínte

Beartas agus Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí

Cuireann an beartas seo bun le freagrachtaí na ndaoine uile a oibríonn do RTÉ, lena n-áirítear conraitheoirí, maidir le cosaint leanaí agus daoine óga, agus iad ag obair le leanaí agus le daoine óga nó nuair a bhíonn teagmháil acu leo.

Ráiteas Beartais ar Chosaint Leanaí

Tá RTÉ tiomanta do chur chuige leanbh-lárnach in ár gcuid oibre le leanaí agus le daoine óga. Tá sé lárnach d’fhealsúnacht RTÉ go dtugtar urraim neamhchoinníollach dóibh agus go gcoinnítear slán ó dhíobháil iad agus iad faoinár gcúram. Tá sé tábhachtach a chinntiú go gcuireann gnáthchleachtais agus iompar laistigh dár n-eagraíocht seachadadh timpeallachta slán chun cinn go gníomhach, áit a bhfuil leas an linbh/an duine óig in uachtar. Cuidíonn na treoirlínte seo le RTÉ cloí leis na prionsabail atá leagtha amach i Tús Áite do Leanaí: Treoirlínte Náisiúnta do Chosaint agus Leas Leanaí arna eisiúint ag an Roinn Sláinte agus Leanaí.
 

Is iad seo na prionsabail threoracha:

  • Is é leas an linbh nó duine óig an ní is tábhachtaí ar fad agus ba chóir dó a bheith i gcroílár léirithe RTÉ.
  • Tá ceart chun cosanta ó dhíobháil nó ó mhí-úsáid ag gach leanbh nó duine óg, beag beann ar aois, éagumas, inscne, bunús eitnigh nó cine, creideamh agus céannacht ghnéasach.
  • Tá an fhreagracht ar gach duine d’fhoireann RTÉ, lena n-áirítear conraitheoirí, cosaint leanaí agus daoine óga a chur chun cinn agus an beartas seo a chomhíonadh. Bíonn coinne i gcónaí go gcoinneoidh foireann RTÉ guaim orthu féin, go mbeidh siad ciallmhar i ngach cás agus go dtabharfaidh siad tosaíocht do leas an linbh.

Gabhann RTÉ de lámh:

  • Caitheamh le leanaí agus le daoine óga le cúram, le hurraim agus le dínit.
  • Aithint go mbreathnóidh leanaí agus daoine óga orthu siúd atá ag obair in RTÉ mar dhaoine iontaofa agus dá bhrí sin nach mór do gach duine den fhoireann an beartas seo a chomhlíonadh.
  • Cinntiú go bhfuil an chumarsáid le leanaí agus le daoine óga oscailte agus soiléir.
  • Na rioscaí a bheadh roimh leanaí agus gníomhaíochtaí ar siúl acu a mheas. Caithfidh sé gur chuid den mheasúnú riosca ar an gclár foriomlán a bheidh sa bpróiseas seo.
  • Cinntiú go seachnaíonn daoine den fhoireann teagmháil fhisiciúil le leanaí agus le daoine óga ach amháin ar bhonn sláinte agus sábháilteachta, nó faoi mhaoirseacht.
  • Freagairt d’aon líomhaintí go hiomchuí agus próiseas disciplíne a fheidhmiú de réir mar is iomchuí.
  • Chun Sábháilteacht,Sláinte agus Leas leanaí a bhíonn páirteach i ngach gníomhaíocht clár de chuid RTÉ a chinntiú beidh gach úsáid d’aon ábhar clár faoi réir théarmaí agus choinníollacha an tsocraithe nó an chonartha bunaidh.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar an mbeartas seo go bliantúil bunaithe ar thaithí RTÉ ar a fheidhmiú agus ag cur aon athruithe reachtúla a eascraíonn i réimse Chosaint Leanaí san áireamh. Déanfaidh an Grúpcheannasaí Acmhainní Daonna an t-athbhreithniú i gcomhar le hOifigeach Sábháilteachta RTÉ.

Naisc Ghaolmhara

www.rte.ie/about/ie