Gradaim

Gradam 'Stáisiún na Bliana' buaite ag RTÉ Raidió na Gaeltachta

Gradam 'Stáisiún na Bliana' buaite ag RTÉ Raidió na Gaeltachta

26 Aibreán 2012: Cuireann Gradam Celtic Media 'Stáisiún na Bliana' le ceiliúradh 40 bliain Raidió na Gaeltachta.

Thug Raidió na Gaeltachta dhá dhuais leo ag Féile na Meán Ceilteach i mí Aibreán. Bhuaigh siad an gradam do Stáisiún Raidió na Bliana don dara bhliain as a chéile, agus bronnadh an gradam do Phearsa Raidió na Bliana ar Frances Nic Géadaigh.

Tá Frances ag obair le Raidió na Gaeltachta le os cionn 20 bliain, agus tá sí lonnaithe i stiúideo na nDoirí Beaga i dTír Chonaill. Tá aithne go forleathan ar Frances mar dhuine de sheomra nuachta Dhoirí Beaga, agus bhí a cuid scileanna craoltóireachta le cloisteáil go soiléir chomh maith i gclúdach an Olltoghcháin anuraidh.

Ag labhairt di ag an ócáid, dúirt Edel Ní Chuireáin, Ceannaire an stáisiúin:
Onóir mhór an gradam a bhaint dhá bhliain as a chéile, agus tá sé fíor speisialta i mbliain seo chomóradh dhá scór bliain ar an aer.

Dúirt Séamus Mac Géidigh, Bainisteoir Réigiún an Tuaiscirt:
"Seo gradam aitheantais atá tuillte go mór ag Frances as an saothar iontach atá tugtha aici do RTÉ Raidió na Gaeltachta le blianta fada. Tá Frances thar a bheith cumasach i ngach réimse den chraoltóireacht raidió, agus taitníonn a stíl agallaimh leis an lucht éisteachta, stíl atá cothrom agus proifisiúnta agus atá i gcónaí tuisceanach."

www.rte.ie/about/ie