Gradaim

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2012

Bronnadh Gradam Saoil ar Chathal Póirtéir (RnaG/Radio 1). Tá Cathal ina láithreoir ar an gclár leabhar Comhluadar na Leabhar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ Raidió 1. Cuireann sé an tsraith agallamh Cuisle na nEalaíon, i láthair chomh maith.

Bhuaigh Gearóid Mac Donncha an gradam do 'Láithreoir na Bliana', agus bhuaigh Adhmhaidin an duais do 'Chlár raidió na Bliana'.

Bronnadh gradam speisialta ar Raidió na Gaeltacht freisin - comhartha aitheantais as an méid atá curtha i gcrích ag an stáisiún le 40 bliain anuas.

www.rte.ie/about/ie