Mar a Reáchtáiltear RTÉ

Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta

Tá RTÉ, an tseirbhís náisiúnta craoltóireachta poiblí, tiomanta tús áite a thabhairt don lucht féachana agus éisteachta.

Leanfaidh sé ag cur clár raidió agus teilifíse ar an gcaighdeán is airde ar fáil, i nGaeilge agus i mBéarla, a bheidh ar fáil do chách, agus a bheidh neamhspleách agus neamhchlaonta de réir dualgas bunreachtúil agus reachtúil. San iarratas a rinne RTÉ ar ardú ar an táille ceadúnais i mí na Samhna 2002 a pléadh Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta ar dtús:

"Dúradh san iarratas gur minic leis an ngaol a bhíonn ag luchtanna féachana agus éisteachta leis an gcraoltóir a bheith thar a bheith míchothrom ach go bhfuil dea-chumarsáid ón dá thaobh ríthábhachtach le forbairt leanúnach a dhéanamh ar sheirbhís a bheadh fíor-ábhartha. Dúradh go bhfuil RTÉ tiomanta a bheith oscailte dá lucht féachana agus éisteachta, fáilte a chur roimh gach teagmháil, éisteacht le gach tuairim, agus freagra a thabhairt go pras agus go cuí. Dúradh go raibh cinneadh déanta ag RTÉ Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta a bhunú, chun cumarsáid a éascú agus chun cur le cuntasacht."

D’fhógair RTÉ an chéad Chomhairle Lucht Féachana agus Éisteachta i mí na Samhna 2003. Bhí sí comhdhéanta de 22 comhalta agus ceapadh téarma ceithre bliana di ó mhí Eanáir 2004. I ndiaidh síneadh bliana, tháinig deireadh le téarma oifige na Comhairle i mí na Nollag 2008.

Faoin Acht Craolacháin 2009 bunaíodh Comhairle Lucht Féachana agus Éisteachta RTÉ ar bhonn reachtúil (S96 pdf – An tAcht Craolacháin 2009). Roghnaíonn comhaltaí Bhord RTÉ 15 comhalta, agus aird á tabhairt ar cheanglais na reachtaíochta. Ceapann Bord RTÉ duine amháin dá chomhaltaí mar chomhalta ex officio den Chomhairle. Fónann na comhaltaí ar bhonn deonach, ach féadfaidh siad cibé speansais as póca a thabhóidh siad go réasúnta i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna, a fháil.

Comhaltaí na Comhairle

Thionóil an Chomhairle, faoi chathaoirleacht an Ollaimh Gearóid Ó Tuathaigh, a céad chruinniú Déardaoin, 29 Iúil 2010 agus fónfaidh sí ar feadh tréimhse ceithre bliana go dtí 31 Nollaig 2014. Tá an Chomhairle in ainm guth a thabhairt don lucht féachana agus éisteachta maidir le haschur RTÉ agus le cur i bhfeidhm a shainchúram poiblí.

Is iad 15 comhalta na Comhairle


Gearóid Ó Tuathaigh, Cathaoirleach

  • Ollamh le Stair agus Iar-Leas-Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
  • Údar, léachtóir, craoltóir ar stair, ar chúrsaí reatha, ar bheartas poiblí agus ar ghnóthaí cultúir
  • Iar-Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta
  • Cathaoirleach ar Choiste Bunaithe TnaG (TG4 anois)
  • Iar-Chomhalta de Choimisiún na hÉireann - SAM Fulbright
  • Iar-chomhalta de Sheanad Ollscoil na hÉireann
  • Ina Chathaoirleach ar Choiste Comhairleach RTÉ/Raidió na Gaeltachta go dtí le gairid

Ebun Akpoveta

Deirdre Carroll

  • Ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Chuimsiú Éireann ó 2001
  • Ag obair san earnáil dheonach míchumais le os cionn 20 bliain
  • Bhí sí gníomhach sa bhfeachtas do chearta do dhaoine faoi mhíchumas
  • Arna ceapadh ag an gCoimisiún Meabhairshláinte ar chomhalta tuata den Bhinse Meabhairshláinte i 2005
  • B.Soc.Sc. ó UCD; MSc. Econ. London School of Economics
  •  I mBaile Átha Cliath a rugadh; pósta le 4 clainne

Kathriona Devereux

  • Saor-Léiritheoir ag Loosehorse Ltd
  • Tá Cláir eolaíochta léirithe agus curtha i láthair aici ar RTÉ mar shampla 'Scope' agus 'The Science Squad'
  • D'oibrigh sí ar chláir ilchultúir RTÉ, mar shampla 'Small World' agus 'Welcome to My World'.
  • Bhain sí céim MSc i gCumarsáid Eolaíochta amach sa bhlian 2010

Gerry Ellis

  • Comhairleoir sa réimse Inrochtaineacht agus Inúsáideacht faoin ainm Feel The BenefIT
  • Ag obair ina Innealtóir Bogearraí i mbanc i mBaile Átha Cliath le 30 bliain
  • Baint aige le breis is 25 bliain go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta le heagraíochtaí ar mhaithe le cuimsiú sóisialta daoine faoi mhíchumas
  • Iar-chomhalta de Choiste Rochtana Uilíoch Fhóram Míchumais na hEorpa agus comhairleoir speisialta reatha ag an gcoiste
  •  Iar-Chathaoirleach de Chomhairle na hÉireann um Dhaoine faoi Mhíchumas (Daoine faoi Mhíchumas in Éirinn)
  • Gníomhach ar bhoird/ar fho-choistí eagraíochtaí príomhshrutha éagsúla a mbíonn baint acu le saincheisteanna ICT
  • Comhalta de Chumann Ríomhaireachta na hÉireann
  • Labhair ar shaincheisteanna a bhaineann le míchumas ag comhdhálacha i 20 tír i 4 ilchríoch
  • Céim san Eacnamaíocht ó UCD
  • Tá Gerry dall, tá sé pósta agus beirt chlainne aige

Greg Fromholz

  • Oifigeach Óige Deoise do Dheoise Eaglais na hÉireann Bhaile Átha Cliath agus Gleann Dá Locha
  • Ceoltóir, Stiúrthoir Cruthaithneach agus Údar and ríomhleabhair 'Liberate Eden'.
  • Is as Meiriceá Greg ach tá sé ina chonaí in Éirinn le roinnt blianta. Tá sé posta agus clann óg aige.

Rachel Holstead

  • Cumadóir agus Comhairleoir Ceoil.
  • Comhairleoir ceoil ag an gComhairle Ealaíon .(2008-2011)
  • Comhalta de Bhord an Cheolárais Náisiúnta
  • Ceol uirlise, fonnadóireachta agus leictreonach cumtha aici.
  • Chomh maith le comhoibriú le ceoltóirí, thug faoi obair le healaíontóirí físe, filí, córagrafaithe, lucht déanta scannán, cleachtóirí amharclainne agus eolaithe.
  • Tá coimisiúnú déanta ag RTÉ, BBC, Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann, Ceolfhoireann Cheol Bharócach na hÉireann, Ceolfhoireann Uladh agus Concorde ar a cuid ceoil agus oirfideadh déanta acu air.
  • PhD i gCumadóireacht ó Ollscoil na Banríona Béal Feirste.
  • Ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí.


Joe Little (Ionadaí Bhord RTÉ)

  • Ina iriseoir ó 1977
  • É ina Chomhfhreagraí Reiligiúin agus Gnóthaí Sóisialta do RTÉ faoi láthair.
  •  Ionadaí foirne ar Bhord RTÉ.
  • Comhláithriú déanta aige ar Morning Ireland.
  • Chuidigh an tuairisciú a rinne sé as Tuaisceart Éireann le RTÉ ainmniúchán Emmy a bhaint amach.
  • Chuidigh na cláir exposé Today Tonight a rinne sé ar iasachtaí airgid mídhleathacha le MABS a bhunú.
  • Gradaim oinigh ó Dhlí-Chumann na hÉireann agus ó Chuimsiú Éireann.
  • Comhalta d’Institiúid Preasa an Domhain, Minnesota SAM.
  •  I mBéal Feirste agus i Luimneach a tógadh é.

Bríd O'Brien

  • Ceann Beartas & na Meán, Eagraíocht Náisiúnta na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe (INOU)


Donal O’Grady

  • Múinteoir Meánscoile ó 1976 agus Príomhoide Scoile ó 1992
  • Iar-imreoir agus iar-bhainisteoir iománaíochta idir-chontae
  • Tá roinnt anailíse iománaíochta déanta aige ar an raidió agus ar an teilifís
  • Tá Céim BA as UCC agus Ard-Dioplóma san Oideachas bainte amach aige
  • I gCorcaigh a rugadh é agus tá sé pósta le beirt chlainne aige

 Robin O’Sullivan

  •   Cleachtóir Caidrimh Phoiblí ó 1969
  • Ina Chomhalta Oinigh d’Institiúid Chaidreamh Poiblí na hÉireann
  • Ina thuairisceoir a bhí sé ar dtús agus ansin ina fho-eagarthóir ar an Cork Examiner agus ar an Evening Echo
  • Ba é an chéad tuairisceoir ag RTÉ i gCorcaigh é
  • Ag tráthanna éagsúla bhí sé ina Stiúrthóir ar Fhéile Scannán Chorcaí; ina chomhalta de Bhord Scannán na hÉireann; agus ina Stiúrthóir ar Institiúid Scannán na hÉireann
  • Is comhalta de Bhord Chomhlachas Tráchtála Chorcaí é agus chaith sé tamall ina Uachtarán ar an mBord freisin
  • Iar-Uachtarán ar Chomhlachas Éireann
  •  Ina chomhalta de Bhord na Gníomhaireachta Náisiúnta Tomhaltóirí
  • Ina Chomhalta de Choiste Forbartha Ionad Taighde Ailse Chorcaí
  • Tá suim aige sa Rugbaí agus i gCLG
  • Mar chaitheamh aimsire, tá suim aige sa léamh, i dtaisteal, i scannáin, sa teilifís/sna meáin
  • Tá sé pósta le cúigear clainne atá anois tógtha agus tá seisear gariníonacha aige

Paddy Richardson

  • Sular thosaigh sé ag obair le Business In the Community Ireland sa bhliain 2000, chaith Paddy beagnach 20 bliain ina bhainisteoir Seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas meabhrach agus coirp, i dtrí réimse de na Boird Sláinte.
  • Faoi láthair tá sé freagrach as 5 chlár Fostaíochta; an clár Linkage d’iar-chiontóirí, an tseirbhís Gate agus an tSeirbhís Mentoring do phríosúnaigh, an clár Ready For Work do dhaoine gan dídean, agus an clár EPIC d’inimircigh. An aidhm atá leo ná cabhrú le rannpháirtithe a bheith neamhspleách go heacnamaíoch trí chuidiú leo rochtain a fháil ar dheiseanna oiliúna, oideachais agus fostaíochta a oireann a gcuid riachtanas.
  • Mar ionadaí Neamhspleách tofa, chaith sé naoi mbliana ina bhall feidhmiúcháin de Chumann Bailte – Chomhairle na hÉireann, áit a raibh ról aige in athchóiriú a dhéanamh ar rialtas áitiúil agus airgeadais agus i raon leathan saincheisteanna eacnamaíocha agus sóisialta a bhain le daoine imeallaithe. Ba chomhalta é den Phainéal Saineolais ar an tionscadal trasteorann 'PROTECT North & South', idir an Bord Promhaidh i dTuaisceart Éireann agus an tSeirbhís Phromhaidh i bPoblacht na hÉireann, a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.
  • Faoi láthair, is comhalta é d’Fhóram Fostaíochta um Chiontóirí na hEorpa / European Offenders Employment Forum agus is Stiúrthóir agus Cisteoir é le Iontaobhas na hÉireann um Athchóiriú an Chórais Choiriúil. Tá MBA ag Paddy ó Ollscoil Oxford Brookes, chomh maith le Dioplóma i Staidéar Bainistíochta agus Dioplóma i bPolasaí Sóisialta & Coireolaíocht ón Ollscoil Oscailte. Tacaíonn Paddy le bealaí eile seachas príosún agus le pionóis a chur ar ceal i gcatagóirí áirithe cionta.

Mary Stuart

  •  Bhunaigh sí an Scoil Náisiúnta Educate Together i mBaile na Manach i 1997 agus bhí sí ina Príomhoide uirthi - d’éirigh sí as an bpost sin i 2008
  • Tá baint aici leis an oideachas go fóill; tá sí ina maoirseoir/measúnóir ar mhic léinn bunoideachais i gColáiste Phádraig, Droim Conrach.
  • 1977: Bhain sí Baitsiléir san Oideachas (céim onóracha) amach i gColáiste Oideachais Bhantiarna na Trócaire.
  • 1978: Bhí sí ar dhuine de mhúinteoirí ceannródaíocha Scoil Náisiúnta Thionscadal Scoile Dheilginse agus ina comhalta de na coistí bainistíochta agus oideachais fad agus a bhí sí ann.
  • Is teagascóir/éascaitheoir cáilithe í faoi choimirce an INTO i bhforbairt ghairmiúil múinteoirí bunscoile maidir le hOideachas Naíonán agus Eolaíocht Bunscoile.
  • Is comhalta d’fhoireann an INTO í a leagan amach an t-ábhar a bhíonn ar chúrsa na hEolaíochta Bunscoile.
  • Go luath ina gairm bheatha bhí sí ag obair sa Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh; sa Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta agus in Ambasáid na hÉireann i Londain.
  • Is maith léi a bheith ag léamh, ag siúl, ag garraíodóireacht; is ball í de chlub seoltóireachta agus de chlub leabhar.
  • I gCo. Chiarraí a rugadh í, in Iarthar Chorcaí a d’fhás sí aníos agus is i nDún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath a chónaíonn sí faoi láthair.
  • Tá sí pósta le ceathrar clainne atá anois tógtha agus tá beirt gharchlann aici.

Clare Watson

  •  Tá sí i mbun staidéir faoi láthair ar an tionchar a bhíonn ag síceolaíocht agus iompar an duine ar mar a fhreagraímid d’athrú aeráide, ar bhuaicphointe ola agus ar áirithiú fuinnimh.
  • Bhain sí amach céim san obair shóisialach i TCD i 1984.
  • Ag deireadh na 1980í agus na 90í rinne sí roinnt tionscadal SEIF (AIDS) a chomhordú agus ina measc bhí an clár faisnéise Stories from the Silence agus an AIDS Quilt Tour in 1991.
  • Tá obair déanta aici le roinnt grúpaí comhshaoil agus pobail ina measc tá Greenpeace, Grúpa Gnímh Chuan Dhún Laoghaire, an feachtas Ringsend No to Incineration agus Genetic Concern.
  •  Chomhscríobh sí "Campaigns and How to Win Them" in 1997.
  • Rinne sí The Cat Laughs Comedy Festival i gCill Chainnigh a bhainistiú sna luathbhlianta.
  • Tá sí ina cónaí ar fheirm bheag orgánach in Iarthar Chorcaí ó 1999, táirgeann siad an chuid is mó dá mbia féin, is teach déanta as cornaí tuí atá ann a fhaigheann cumhacht as grianphainéil, tá sorn a bhíonn ag dó adhmaid ann agus tá 2 ghineadóir gaoithe ann freisin.
  • Tá mac seacht mbliana aici agus leasmhac amháin atá ina dhéagóir.

Cuspóir

Áirítear ar na tástálacha ó thaobh leas an phobail a leagann RTÉ amach dó féin:

  • Cothroime
  • Cruinneas
  • Neamhchlaontacht
  • Oibiachtúlacht
  • Neamhspleáchas ó leasanna dílsithe agus saoirse ó rialú nó tionchar polaitiúil
  • Sceidil ardchaighdeáin ar fáil do chách (i.e. saor go haer)
  • Cion suntasach de na cláir a bheith de bhunús na hÉireann
  • Sceidil ina mbíonn cláir do ghrúpaí agus leasanna mionlaigh
  • Sceidil a léiríonn meas ar dhearcaí na dtuismitheoirí agus a chuireann lena mbíonn ag súil leis ó thaobh cultúir.
  • Cláir a aithníonn leasanna réigiúnacha agus éagsúlacht chultúir
  • Cláir a chuireann tuiscint agus caoinfhulaingt chun cinn
  • Cláir atá samhlaíoch agus úrnua.

Is chun leasa an lucht féachana agus éisteachta iad na tástálacha sin go léir, agus féadfaidh an lucht féachana agus éisteachta tuairimí agus aiseolas a thabhairt ina leith; éascaíonn an Chomhairle Lucht Féachana agus Éisteachta an chumarsáid sin agus tá a chlár oibre bunúsach comhdhéanta de na topaicí sin.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle Lucht Féachana agus Éisteachta anseo:

Ríomhphostaudiencecouncil@rte.ie

Tabhair ar aird le do thoil:Tá ráitis ón gComhairle Lucht Féachana agus Éisteachta reatha (2010-2014) ar fáil i bhformáid pdf thíos. Is féidir ráitis ó Chomhairlí Lucht Féachana agus Éisteachta roimhe seo a fháil ach iad a iarraidh trí ríomhphost a chur chuig audiencecouncil@rte.ie

Naisc Ghaolmhara

www.rte.ie/about/ie