Mar a Reáchtáiltear RTÉ
Fís, Misean, Luachanna
Fís, Misean, Luachanna
Fís RTÉ:
- Is é Fís RTÉ ná muinín mhuintir na hÉireann a chothú mar fhoinse eolais agus inspioráide a léiríonn agus a shaibhríonn a saol.
Is é Misean RTÉ:
- Éagsúlacht chultúrtha agus réigiúnach mhuintir na hÉireann go léir a chothú agus a léiriú
- Cláir agus seirbhísí sainiúla uaillmhianacha de shárchaighdeán a chur ar fáil, agus béim a chur ar léiriúcháin bhaile
- Muintir na hÉireann a choinneáil ar an eolas leis an tseirbhís nuachta chuimsitheach neamhspleách is fearr is féidir
- Rannpháirtíocht náisiúnta i ngach mórimeacht a éascú
Luachanna RTÉ
- Feidhmiú ar mhaithe leis an bpobal, ag soláthar nuachta agus cúrsaí reatha a bhíonn cothrom, neamhchlaonta, cruinn agus dúshlánach
- Nasc a chruthú lenár luchtanna féachana agus éisteachta trína riachtanais a thuiscint agus a shásamh
- Seirbhís a chruthú a bhfuil luach airgid inti
- A bheith cruthaitheach inár ngníomhartha go léir
- A bheith macánta oscailte inár ngníomhartha go léir
- Freagracht phearsanta a ghlacadh maidir le saothrú ar son chuspóirí na heagraíochta
- A bheith freagrach don fhoireann agus plé le gach duine mar dhuine ar leith
- Saothrú le chéile chun go mbainfidh gach duine, rannóg, rannán agus an eagraíocht uile barr feabhais amach
- Meas a bheith againn ar a chéile agus ar éagsúlacht a chéile
- A bheith bródúil as gach a ndéanaimid, as ár bhféiniúlacht agus as gach a gcruthaimíd