Awards

Gradam do Láithreoir na Bliana d' Eibhlín Ní Chonghaile

Tá an duais do Láithreoir na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach buaite ag Eibhlín Ní Chonghaile ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cuireann Eibhlín an clár Iris Aniar i láthair ag 9.10 am ó Luan go hAoine, clár irise a chlúdaíonn réimse leathan scéalta, idir throm agus éadrom, ó scéalta polaitiúla go siamsaíocht agus scéalta pobail.

Dúirt Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta:
"Is iriseoir den chéad scoth í Eibhlín Ní Chonghaile, ach ní hamháin sin, is láithreoir cumasach í fosta. Tá sí in ann cathaoirleacht a dhéanamh ar dhíospóireacht pholaitiúil, agus scéalta pearsanta agus míreanna siamsaíochta a chur i láthair chomh maith céanna. Tréaslaím an gradam seo léi, tá sé tuillte go maith aici."

RnaG’s Eibhlín Ní Chonghaile wins Presenter of the Year

"RTÉ Raidió na Gaeltachta presenter Eibhlín Ní Chonghaile has been named Radio Presenter of the Year at the Celtic Media Festival.

Eibhlín presents the two hour magazine programme Iris Aniar on RTÉ Raidió na Gaeltachta Monday to Friday 9.10 am, a magazine programme focused on the west of Ireland that deals with a wide variety of topics, from current affairs driven items to lighter entertainment and lifestyle features.

Edel Ní Chuireáin, Ceannaire (Head of Station) said:
"Not only is Eibhlín Ní Chonghaile an excellent journalist, she is also a talented presenter who can move with ease from a heated political debate to a sensitive personal interview to lighter entertainment stories. I’d like to congratulate her on this award – a fitting recognition of that talent, and well-deserved."

www.rte.ie/about